Próiseas roghnúcháin na gcéimithe le haghaidh chomórtas AD 5: an chaoi a ndéanfar measúnú ort
Dhá chuid atá i bpróiseas roghnúcháin na gcéimithe le haghaidh chomórtas AD 5.
Cuid 1 – Trialacha réasúnaíochta
Chun leanúint ar aghaidh go cuid 2, ní mór duit na pasmharcanna is gá a ghnóthú:
| Triail | Pasmharc |
|---|---|
| Réasúnaíocht bhriathartha | 10/20 |
| Réasúnaíocht uimhriúil agus réasúnaíocht theibí (le chéile) | 10/20 |
Cuid 2 – Na trialacha eile
- Triail maidir le heolas ar an Aontas Eorpach
- Triail scileanna digiteacha
- Triail scríofa – Aiste shaorthéacs ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh (EUFTE)
Chun fanacht sa chomórtas, ní mór duit na pasmharcanna is gá a ghnóthú:
| Triail | Pasmharc |
|---|---|
| Eolas ar an Aontas Eorpach | 15/30 |
| Scileanna digiteacha | 20/40 |
| EUFTE | 5/10 |
Réamhscóráil
Na hiarrthóirí a ghnóthóidh na pasmharcanna uile is gá, rangófar iad bunaithe ar an méid seo a leanas:
| Triail | Ualú |
|---|---|
| Réasúnaíocht bhriathartha | 40% |
| Eolas ar an Aontas Eorpach | 30% |
| Scileanna digiteacha | 30% |
Ní rachaidh ach na hiarrthóirí is airde rangú ón réamhrangú ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile, mar a ndéanfar an méid seo a leanas:
- EUFTE a scóráil; agus
- na ceanglais incháilitheachta a sheiceáil.
Scóráil deiridh
Is ar an méid seo a leanas atá an rangú deiridh bunaithe:
| Triail | Ualú |
|---|---|
| Réasúnaíocht bhriathartha | 35% |
| Eolas ar an Aontas Eorpach | 25% |
| Scileanna digiteacha | 25% |
| EUFTE | 15% |
Na hiarrthóirí a ghnóthóidh na marcanna deiridh is airde agus a chomhlíonfaidh na ceanglais incháilitheachta uile, cuirfear ar an bpainéal iad.
Molaimid duit féachaint ar an seimineár gréasáin is déanaí atá ar fáil ar YouTube.