Tá m’ainm úsáideora (mo shonraí logáil isteach) ligthe i ndearmad agam. Cad ba cheart dom a dhéanamh?
Question categories:
  
I gcás Thairseach Aonair na nIarrthóirí:
Féach leathanach cabhrach EU Login.
Mura n-éiríonn leat réiteach na faidhbe a fháil, déan teagmháil le Deasc Chabhrach EU Login anseo: An bhfuil cuidiú de dhíth ort fós? – an tAontas Eorpach.
I gcás chuntas EPSO:
Téigh chuig an leathanach seo agus lean na treoracha.
Seolfaimid ríomhphost ina mbeidh tuilleadh treoracha chuig an seoladh ríomhphoist atá i do chuntas EPSO. Má bhíonn deacrachtaí go fóill agat logáil isteach i do chuntas, déan teagmháil le EPSO láithreach.
Tabhair do d’aire: Ní iarrfaidh foireann EPSO do phasfhocal ort CHOÍCHE trí ríomhphost. Logálfaidh tú isteach i gcónaí trí nasc slán a thaispeánfar le glas fraincín beag.