Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Cén cineál cáilíochtaí oideachais a theastaíonn uaim?

Question categories:

Bíonn na riachtanais oideachais íosta éagsúil ag brath ar an bpróifíl a bhfuiltear ag earcú ina leith.

I gcás oifigigh bhuana:

  • Leibhéal cúntóra: oideachas iar-mheánscoile, sin nó oideachas meánscoile agus taithí oibre iomchuí.
  • Leibhéal riarthóra:  oideachas ollscoile críochnaithe a mhair trí bliana ar a laghad.

I gcás baill foirne ar conradh:

  • Grúpa Feidhme I: oideachas éigeantach.
  • Grúpaí Feidhme II agus III: oideachas iar-mheánscoile, sin nó oideachas meánscoile agus taithí oibre iomchuí.
  • Grúpa Feidhme IV: oideachas ollscoile críochnaithe a mhair trí bliana ar a laghad.

Tabhair do d’aire gurb é an fógra comórtais/an glao ar léiriú spéise an tagairt údarásach i gcónaí. Léigh iad chun na sonraí iomlána a fháil. Is féidir leat féachaint freisin ar ár samplaí de na cineálacha cáilíochtaí a nglactar leo.