FAQs
Cé na hinniúlachtaí a chaithfidh iarrthóirí a léiriú le linn thrialacha an chomórtais?
Is éard a shainítear sa chreat inniúlachtaí na hinniúlachtaí a mheastar a bheith riachtanach chun aon phost ar leith a dhéanamh go héifeachtach laistigh de na hinstitiúidí agus na comhlachtaí den Aontas Eorpach ar a bhfreastalaíonn EPSO.
Is é EPSO a dhéanann measúnú ar chuid de na hinniúlachtaí sin le linn chéim an roghnúcháin, agus is iad na hinstitiúidí agus na comhlachtaí den Aontas Eorpach a dhéanann measúnú ar an gcuid eile le linn chéim na hearcaíochta.
I gcás próifílí níos speisialaithe, lorgaíonn institiúidí an Aontais iarrthóirí atá ardcháilithe ina réimse saineolais.
Bíonn eolas le fáil i gcónaí san fhógra comórtais faoi na hinniúlachtaí réimse-shonracha, agus faoi na trialacha lena ndéantar na hinniúlachtaí ginearálta agus na hinniúlachtaí réimse-shonracha a mheas.
Féach na hinniúlachtaí ginearálta agus na hancairí a ghabhann leo (is iad na ‘hancairí’ na táscairí a chuirtear san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar inniúlacht ar leith).