An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
Ó am go ham, próiseálann institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, agus iad i mbun a ndualgas, faisnéis phearsanta an tsaoránaigh – i bhfoirm leictreonach, scríofa nó físe. Áirítear le próiseáil: sonraí a bhailiú, a thaifeadadh, a stóráil, a athfháil, a sheoladh, a bhlocáil nó a scriosadh. Is é cúram an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí na rialacha príobháideachta dochta atá ann, lena rialaítear na gníomhaíochtaí sin, a chur i bhfeidhm.
In 2004 a bunaíodh Oifig an Mhaoirseora. Sa Bhruiséil atá sí lonnaithe. Faoi láthair, tá thart ar 60 ball foirne fostaithe ag an Oifig, agus iad ag obair i gcúig cinn d’aonaid agus rannán. Chomh maith leis an bhfoireann atá fostaithe ar bhonn reachtach, tá cláir ann le haghaidh saineolaithe náisiúnta sealadacha agus le haghaidh oiliúnaithe.