Skip to main content

5. Beartas maidir le force majeure

I gcás force majeure nó cúinsí gan choinne nach bhfuil neart ag an iarrthóir orthu agus a fhágann nach féidir leis an iarrthóir an triail a dhéanamh, ní mór don iarrthóir teagmháil a dhéanamh le EPSO gan mhoill, idir an lá a fhaigheann sé an cuireadh ina chuntas EPSO, agus tráth nach déanaí ná an sprioc-am le gearán a dhéanamh, sprioc-am atá leagtha síos san fhógra comórtais nó sa ghlao ar léiriú spéise lena mbaineann.

Ní mór don iarrthóir a uimhir iarrthóra a chur ar fáil agus an fhianaise dhoiciméadach ábhartha uile a chur i láthair, cuir i gcás teastais leighis, fianuithe an tsoláthraí seirbhíse chun éaradh leictreachais nó idirlín a chruthú, nó deimhnithe báis garghaoil, etc. Ba cheart dáta na trialach a bheith san áireamh sa doiciméadacht sin.

Teagmhais shuaiteacha nach bhfuil neart ag EPSO ná ag soláthraí na dtrialacha orthu (ina measc sin tubaistí nádúrtha, éaradh forleathan idirlín, teipeanna freastalaí, nó teagmhais force majeure eile a dhéanann difear d’iarrthóirí iomadúla ag an am céanna), cuirfear iad sin san áireamh agus cuirfear na bearta ceartaitheacha is gá i bhfeidhm.

I gcás nach féidir teastais a chur ar fáil mar gheall ar riocht sláinte laistigh den tréimhse atá sonraithe thuas (timpiste agus/nó ospidéalú), ba cheart don iarrthóir an teastas a chur ar fáil a luaithe is féidir. Ní mór go gcumhdóidh an teastas dáta na trialach agus an mhoill idir an sprioc-am agus an dáta a cuireadh an teastas ar fáil.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara NACH meastar gealltanais ghairmiúla (cruinniú, comhdháil, turas gnó) a bheith ina gcúinsí eisceachtúla ná cúinsí nach bhfuil neart ag an iarrthóir orthu. Mar chomhchosúlacht, baineann an prionsabal sin freisin le haon phlean taistil, bíodh sin ar chúiseanna príobháideacha nó gairmiúla, a d’fhéadfadh bac a chur ar rannpháirtíocht an iarrthóra sa scrúdú.

Cuirfear gearán an iarrthóra faoi bhráid an chomhlachta meastóireachta ábhartha (aonad Oibríochtaí Trialacha EPSO agus/nó an bord roghnúcháin) a dhéanfaidh cinneadh maidir le haon ghníomhaíocht bhreise a dhéanfar.