Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Saol an teaghlaigh

A domestic scene showing happy children with their mother and father

Má tá clann ort nó má tá rún agat clann a thógáil amach anseo, beidh tú i dteideal sochair bhreise a fháil, mar shampla liúntas teaghlaigh agus liúntas leanaí, saoire thuismitheoireachta, liúntas oideachais agus ranníocaíocht maidir le costais taistil bhliantúla le haghaidh easaoránach agus a mball teaghlaigh.

Baineann buntáiste breise le bheith ag obair sa Bhruiséil nó i Lucsamburg: is cathracha iad araon atá an-oiriúnach do theaghlaigh, tá scoileanna náisiúnta agus idirnáisiúnta den chéad scoth iontu, chomh maith le saoráidí cúraim leanaí. Ina measc sin tá na Scoileanna Eorpacha a chuireann oideachas ilteangach agus ilchultúrtha ar fáil do leanaí bhaill foirne an Aontais.

Na Scoileanna Eorpacha

Is bunaíochtaí oifigiúla oideachais iad na Scoileanna Eorpacha atá faoi chomhrialú ag rialtais na 27 mBallstát den Aontas. Is ar leanaí bhaill foirne na n-institiúidí Eorpacha atá siad dírithe den chuid is mó. Is é an misean atá ag na Scoileanna Eorpacha oideachas ilteangach ilchultúrtha ar ardchaighdeán a chur ar fáil do dhaltaí naíscoile, bunscoile agus meánscoile. Cuirtear bunteagasc ar fáil i dteangacha oifigiúla an Aontais. Leis an bprionsabal sin is féidir tús áite a thabhairt do theanga dhúchais (T1) an dalta. Dá réir sin, tá roinnt rannóga teanga i ngach scoil. Chun aontacht na scoile a chothú agus chun oideachas ceart ilchultúrtha a spreagadh, tá béim láidir ar theangacha eachtracha a fhoghlaim, a thuiscint agus a úsáid.

Is éard atá i líonra na Scoileanna Eorpacha faoi láthair 13 scoil ina bhfuil thart ar 28,300 dalta san iomlán cláraithe. Tá tromlach na ndaltaí sin bunaithe sa Bhruiséil agus i Lucsamburg, ach tá scoileanna suite i mBallstáit eile freisin.

Is féidir níos mó a fhoghlaim faoi chuspóirí agus prionsabail na Scoileanna Eorpacha agus na suíomhanna uile a aimsiú.

Naíolanna, naíscoileanna agus cúram leanaí iarscoile

Cuireann institiúidí an Aontais seirbhísí ardchaighdeáin cúraim leanaí ar fáil, naíolanna (creiseanna) agus naíscoileanna san áireamh, chomh maith le gníomhaíochtaí cúraim leanaí iarscoile, do leanaí fhostaithe na n-institiúidí atá lonnaithe sa Bhruiséil agus i gCathair Lucsamburg.

Tá na háiseanna seo deartha chun cúram ardchaighdeáin a thabhairt do na leanaí, atá dírithe ar a bhfolláine agus a bhforbairt shóisialta, agus a dtuismitheoirí ag obair. Tá siad lonnaithe ar láithreáin éagsúla agus déanann na húdaráis áitiúla ábhartha iad a fhaomhadh agus déanann siad monatóireacht orthu. Sa timpeallacht ilchultúrtha atá ar fáil iontu spreagtar an oscailteacht agus meas ar chúlraí éagsúla, agus cinntíonn an méid sin gur spás cothaitheach iad inar féidir le gach leanbh cur leo féin.

Is saoráidí idirinstitiúideacha iad roinnt de na saoráidí agus is é an Coimisiún Eorpach a reáchtálann iad sin. Tá roinnt saoráidí eile ann ar dá foireann féin amháin a reáchtálann an institiúid lena mbaineann iad.