Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Obair agus cónaí a dhéanamh sa Bhruiséil

Eolas faoi chónaí a dhéanamh i bpríomhchathair na Beilge, áit a bhfuil a gceanncheathrú ag roinnt institiúidí agus comhlachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh

Is príomhchathair bheag bhríomhar í an Bhruiséil a mbíonn go leor ar siúl inti. Ar mhaith leat a fháil amach an í an Bhruiséil an áit cheart duitse agus do do theaghlach le dul a chónaí ann? Féach na naisc thíos chun níos mó a fhoghlaim faoin gcathair.

  • Deasc Fáiltithe na nEasaoránach: eolas faoin saol sa Bhruiséil, na gnéithe riaracháin san áireamh (EN, FR agus NL).
  • Réigiún na Bruiséile – na Príomhchathrach: eolas maidir le cultúr, fóillíocht, spórt, iompar poiblí, oideachas agus tithíocht (EN, FR agus NL).
  • Cathair na Bruiséile: eolas maidir le cultúr, fóillíocht, spórt, iompar poiblí, oideachas agus tithíocht (EN, FR agus NL).
  • An tSoghluaisteacht sa Bhruiséil: eolas agus nuacht faoi iompar poiblí agus tionscnaimh a bhaineann leis an tsoghluaisteacht sa Bhruiséil (EN, FR agus NL).
  • ‘Visit Brussels’: eolas faoi ghníomhaíochtaí fóillíochta, lena n-áirítear bialanna agus imeachtaí cultúrtha (EN, FR, NL, ES, DE, IT agus PT).
  • ‘We love Brussels’ Is éard atá sa treoir seo le haghaidh an cheantair Eorpaigh spléachadh ar an gcuid is fearr den chuid bhríomhar seo den chathair nach bhfuil a oiread sin eolais air go minic (EN).
  • Músaeim na Bruiséile: eolas faoi mhúsaeim uile na Bruiséile, idir bheag agus mhór (EN, FR agus NL).
  • ‘Brussels Agenda’: eolas faoi ionaid ceolchoirmeacha, pictiúrlanna, siamsaíocht oíche, gníomhaíochtaí do theaghlaigh agus eile (EN, FR agus NL).
  • ‘BOZAR’: eolas in EN, FR agus NL, maidir le clár cultúrtha dinimiciúil éagsúlaithe ceolchoirmeacha agus taispeántas an ionaid: cur chuige ildisciplíneach ina dtagann díospóireachtaí, drámaíocht, scannáin, litríocht agus réimsí eile le chéile chun machnamh a dhéanamh ar na naisc idir an ealaín agus an tsochaí.
  • ‘Brussels Times’: Faigh tuilleadh eolais faoina bhfuil ag tarlú sa Bhruiséil ar bhonn laethúil, an pholaitíocht áitiúil san áireamh (EN).

In 2023 bhí Réigiún na Bruiséile ‑ na Príomhchathrach i measc bhuaiteoirí na nGradam Eorpach do Phríomhchathracha an Ionchuimsithe agus na hÉagsúlachta i gcatagóir na n-údarás áitiúil os cionn 50,000 áitritheoir. Bronnadh an dara duais ar an Réigiún as an iliomad tionscnamh a bhíonn ar siúl sa chathair agus as a straitéis fhadtéarmach a bhaineann leis an éagsúlacht agus leis an ionchuimsiú.

In 2023, de réir thuarascáil bhliantúil ‘Mini-Bru’ ó Institiúid na Bruiséile um Staidreamh agus Anailís, is náisiúnaigh Eorpacha nach Beilgigh iad 23% d’áitritheoirí na Bruiséile, rud a fhágann gur ‘príomhchathair Eorpach’ í dáiríre. (foinse: BELGA, gníomhaireacht nuachta na Beilge)

Séanadh: tabhair do d’aire nach féidir aon fhreagracht a chur ar EPSO as naisc eintiteas seachtrach atá á gcur ar fáil ar an leathanach gréasáin seo.