
7. Rúndacht agus trédhearcacht

Tá EPSO tiomanta na gearáin agus na sonraí pearsanta gaolmhara uile a láimhseáil faoi rún go hiomlán agus ag an am céanna na hiarrthóirí a choinneáil ar an eolas faoi thoradh a ngearáin ar bhealach trédhearcach. Is i gcomhréir le beartas EPSO maidir le príobháideachas sonraí a dhéileálfar le heolas pearsanta arna chur ar fáil ag iarrthóirí maidir lena ngearán. Ina theannta sin, coinneofar iarrthóirí ar an eolas faoi thoradh a ngearáin le linn an phróisis réitigh.
Tá EPSO tiomanta do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann EPSO sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).
Mínítear sna ráitis phríobháideachais na cúiseanna a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta, an chaoi a ndéanann EPSO na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear iad, agus cé na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, agus sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.