Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
Picture of Angela Heberling

Angela Heberling

Chuaigh Angela isteach i Státseirbhís na nInstitiúidí Eorpacha i mí Iúil 1993 i roinn an Chomhshaoil sa Choimisiún Eorpach. Tar éis dhá bhliain, bhog sí ar aghaidh chuig saincheisteanna a bhain níos mó le hAcmhainní Daonna agus chuir sí tús lena gairmréim i seirbhís Earcaíochta an Choimisiúin Eorpaigh – a bhí le comhtháthú ina dhiaidh sin san Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO). Bhí poist éagsúla aici laistigh de EPSO: bhí sí ina ball den Tascfhórsa a bhí freagrach as Clár Forbartha EPSO a chur chun feidhme, bhí sí ina Ceann ar an Oifig um Bainistiú Roghnúcháin a bhfuil sé de chúram uirthi monatóireacht a dhéanamh ar gach comórtas agus próiseas roghnúchán, bhí sí ina Ceann Aonaid san Aonad um Ríomhroghnúchán agus Forbairt Trialacha, agus anois tá sí ina Ceann ar an Aonad Pleanála agus Comhordúcháin. I mí na Samhna 2020, ceapadh í freisin chun ionadaíocht a dhéanamh ar Stiúrthóir EPSO.

Tá Angela pósta agus tá beirt pháistí aici.