Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Speisialtóirí (Riarthóirí – AD 6 go AD 9)

Na hiarrthóirí a ghlacfaidh páirt i gcomórtas do speisialtóirí (riarthóirí, grád AD 6 go AD 9), d’fhéadfadh sé go mbeadh orthu pas a fháil sna trialacha seo a leanas:

 

Trialacha réasúnaíochta

Is éard atá sna trialacha réasúnaíochta ceistneoirí ilrogha atá ceaptha meastóireacht a dhéanamh ar do scileanna smaointeoireachta loighciúla agus ar do chumas eolas briathartha agus uimhriúil a thuiscint, chomh maith leis an ngaol idir coincheapa teibí nach de chineál teanga, spásúil ná uimhriúil iad.

Bain triail as ár dtrialacha samplacha thíos (Tabhair do d’aire go bhféadfadh na trialacha samplacha níos mó ama a thógáil chun lódáil ná mar is gnách)

Réasúnaíocht bhriathartha – Iad ar fáil sna teangacha seo a leanas: BG ES CS DA DE ET EL EN FR GA HR IT LV LT HU MT NL PL PT RO SK SL FI SV

Réasúnaíocht uimhriúil – Iad ar fáil sna teangacha seo a leanas: BG ES CS DA DE ET EL EN FR GA HR IT LV LT HU MT NL PL PT RO SK SL FI SV

Réasúnaíocht theibí – Iad ar fáil sna teangacha seo a leanas: EN

Is féidir leagan inrochtana de na trialacha samplacha sin a fháil freisin.

Ceistneoir ilrogha réimse-shonrach

Is éard atá sa cheistneoir ilrogha réimse-shonrach sraith ceisteanna atá ceaptha tástáil a dhéanamh ar na scileanna agus ar an eolas a bhaineann le réimse an chomórtais. Is ar dhualgais na próifíle sonraí atá na ceisteanna bunaithe. Baineann ceithre fhreagra éagsúla le gach ceist, agus níl ach ceann acu ceart.

Tugtar tuilleadh eolais san fhógra comórtais agus sa chuireadh i scríbhinn.

Triail scríofa

Déantar measúnú leis an triail seo ar scileanna cumarsáide scríofa iarrthóirí.

Féadfaidh EPSO ceann amháin nó níos mó de na formáidí seo a leanas a úsáid, de réir na riachtanas a chuirfidh na seirbhísí earcaíochta in iúl le haghaidh gach comórtais:

  1. Le triail scríofa (WT), a bhaineann le réimse/réimsí an chomórtais, déantar measúnú ar scileanna cumarsáide scríofa agus orthu sin amháin.
  2. Le triail scríofa réimse-shonrach (FRWT), déantar measúnú ar scileanna cumarsáide scríofa agus ar eolas an iarrthóra sa réimse ábhartha.
  3. Le haiste shaorthéacs ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh (EUFTE), déantar measúnú ar scileanna cumarsáide scríofa agus orthu sin amháin.

Ní mór d’iarrthóirí an tasc/na tascanna a dhéanamh trí úsáid a bhaint as na hábhair a chuireann EPSO ar fáil, mar atá sonraithe san fhógra comórtais. Is ar na ‘hancairí’ sonracha atá liostaithe thíos a bheidh an measúnú bunaithe. (Tagraíonn ‘ancairí’ do na gnéithe a chuireann marcóirí trialacha san áireamh, i.e. na measúnóirí, agus meastóireacht á déanamh acu ar inniúlacht ar leith.)

Déanann an t-iarrthóir an chumarsáid scríofa a struchtúrú le sreabhadh loighciúil smaointe.

  • Scríobhann an t-iarrthóir go hachomair agus seachnaíonn sé focail agus abairtí nach bhfuil gá leo.
  • Cuireann an t-iarrthóir ábhar i láthair ar bhealach soiléir intuigthe.
  • Déanann an t-iarrthóir a chuid scríbhneoireachta a oiriúnú dóibh siúd ar a bhfuil sé ag díriú agus don chuspóir atá beartaithe.
  • Úsáideann an t-iarrthóir an t-eolas a chuirtear ar fáil chun déileáil leis an tasc go héifeachtach.