Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Rúnaithe (AST/SC)

Na hiarrthóirí a ghlacfaidh páirt i gcomórtais le haghaidh rúnaithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh orthu pas a fháil sna trialacha seo a leanas:

 

Trialacha réasúnaíochta

Is éard atá sna trialacha réasúnaíochta ceistneoirí ilrogha atá ceaptha meastóireacht a dhéanamh ar do scileanna smaointeoireachta loighciúla agus ar do chumas eolas briathartha agus uimhriúil a thuiscint, chomh maith leis an ngaol idir coincheapa teibí nach de chineál teanga, spásúil ná uimhriúil iad.

Bain triail as ár dtrialacha samplacha thíos (Tabhair do d’aire go bhféadfadh na trialacha samplacha níos mó ama a thógáil chun lódáil ná mar is gnách)

Réasúnaíocht bhriathartha – Iad ar fáil sna teangacha seo a leanas: BG ES CS DA DE ET EL EN FR GA HR IT LV LT HU MT NL PL PT RO SK SL FI SV

Réasúnaíocht uimhriúil – Iad ar fáil sna teangacha seo a leanas: BG ES CS DA DE ET EL EN FR GA HR IT LV LT HU MT NL PL PT RO SK SL FI SV

Réasúnaíocht theibí – Iad ar fáil sna teangacha seo a leanas: GA

leagan inrochtana de na trialacha samplacha sin ar fáil freisin. 

Ceistneoir gearrthéacs réimse-shonrach (FRSTQ):

Tá an triail seo ceaptha chun measúnú a dhéanamh ar inniúlachtaí ábhartha an iarrthóra a bhfuil gá leo chun dualgais rúnaíochta a dhéanamh. Is éard atá i gceist léi ceisteanna gearrthéacs ar gá freagraí gonta ar bhonn taithí a thabhairt orthu, rud a léiríonn scileanna agus eolas an iarrthóra sa réimse.

Gheobhaidh na hiarrthóirí 10 gceist agus beidh 60 nóiméad acu chun an triail a dhéanamh.

Triail eolais faoin Aontas Eorpach

Is éard atá sa triail eolais faoin Aontas Eorpach ceistneoir ilrogha faoin Aontas Eorpach, a institiúidí, a nósanna imeachta agus a phríomhbheartais. Cuirfear na tagairtí do na foinsí a úsáidtear chun an triail seo a fhorbairt ar fáil ar shuíomh gréasáin EPSO tar éis an fógra comórtais a fhoilsiú.

Idir an dá linn, is féidir leat teacht ar roinnt foilseachán anseo chun cuidiú leat ullmhú don triail eolais faoin Aontas Eorpach.

Is féidir triail a bhaint as trialacha samplacha anseo.

Triail scileanna digiteacha

Tá an triail scileanna digiteacha deartha chun measúnú a dhéanamh ar litearthacht dhigiteach agus ar eolas praiticiúil na n-iarrthóirí, de réir mar is ábhartha don ról.

D’fhéadfadh na 5 réimse seo a leanas a bheith san áireamh sa triail seo:

  1. Litearthacht faisnéise agus sonraí
  2. Cumarsáid agus comhar
  3. Cruthú ábhair dhigitigh
  4. Sábháilteacht
  5. Réiteach fadhbanna

Is féidir triail a bhaint as trialacha samplacha anseo.