DO SHONRAÍ PEARSANTA A CHOSAINT
Sa ráiteas príobháideachais seo tá eolas faoin dóigh a ndéantar sonraí pearsanta iarrthóirí a phróiseáil agus a chosaint.
An ráiteas príobháideachais sonrach maidir le cosaint sonraí pearsanta i gcás comórtas oscailte
An oibríocht phróiseála: Baill foirne bhuana a roghnú, trí bhíthin comórtais, d’institiúidí an Aontais nó do chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Chomhphobail
Rialaitheoir Sonraí:EPSO
Tagairt taifid: DPR-EC-01159.2
- Réamhrá
Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ anseo feasta) tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).
Sa ráiteas príobháideachais seo, tá míniú ar an bhfáth a bpróiseálaimid sonraí pearsanta iarrthóirí, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Istigh ann freisin tá sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus sonraí teagmhála an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.
Anseo thíos tá an t-eolas maidir leis an oibríocht phróiseála dar teideal “Baill foirne bhuana a roghnú, trí bhíthin comórtais, d’institiúidí an Aontais nó do chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Chomhphobail” a fheidhmíonn EPSO.
- Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid sonraí pearsanta iarrthóirí?
Cuspóir na hoibríochta próiseála: Bailíonn agus úsáideann EPSO sonraí pearsanta iarrthóirí chun comórtais oscailte agus inmheánacha a eagrú chun baill foirne a roghnú d’fhonn iad a earcú mar oifigigh de chuid an Aontais, chun gnéithe riaracháin an chlárúcháin agus céimeanna leantacha na gcomórtas a bhainistiú, agus chun bainistíocht agus faireachán a dhéanamh ar úsáid na bpainéal.
Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.
- Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid sonraí pearsanta iarrthóirí a phróiseáil?
Déanaimid sonraí pearsanta iarrthóirí a phróiseáil ar na cúiseanna seo a leanas:
- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid nó don chomhlacht de chuid an Aontais;
- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil atá ar an rialaitheoir a chomhlíonadh.
Leagadh síos an bunús leis an bpróiseáil sna dlíthe seo a leanas de chuid an Aontais:
Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne na nOifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (IO 45, 14.6.1962, lch. 1385), arna leasú go deireanach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1611 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2016. Cinneadh Uimh. 2002/620/CE ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún Eorpach, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón gCúirt Iniúchóirí, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ó Choiste na Réigiún agus ón Ombudsman Eorpach an 25 Iúil 2002 lena mbunaítear Oifig na gComhphobal Eorpach um Roghnú Foirne. Cinneadh Uimh. 2002/621/CE ó Ard-Rúnaithe Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin Eorpaigh, ó Chláraitheoir na Cúirte Breithiúnais, ó Ard-Rúnaithe na Cúirte Iniúchóirí, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ó Choiste na Réigiún agus ó Ionadaí an Ombudsman Eorpaigh an 25 Iúil 2002 maidir le heagrú agus le feidhmiú Oifig na gComhphobal Eorpach um Roghnú Foirne.
Déanaimid catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil – mar atá, sonraí a bhaineann leis an tsláinte – mar gheall ar an méid seo a leanas:
- thug an t-ábhar sonraí toiliú sainráite go ndéanfaí na sonraí pearsanta sin a phróiseáil chun críche sonraithe amháin nó níos mó;
- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáidí an rialaitheora nó an ábhair sonraí a chomhlíonadh agus chun cearta sonracha an rialaitheora nó an ábhair sonraí a fheidhmiú i réimse dhlí na fostaíochta agus na slándála sóisialta agus cosanta sóisialta a mhéid atá údaraithe i ndlí an Aontais lena bhforáiltear maidir le coimircí iomchuí do chearta bunúsacha agus leasanna an ábhair sonraí.
Go sonrach, san fhoirm iarratais iarrtar ar iarrthóirí freagra a thabhairt ar an gceist seo a leanas: 'An bhfuil socruithe speisialta ar na trialacha roghnúcháin de dhíth ort mar gheall ar mhíchumas nó fadhb shláinte?' Má thugann siad freagra dearfach ar an gceist sin, iarrtar orthu sonraí a bhaineann lena sláinte, go sonrach leis an míchumas nó leis an bhfadhb shláinte is cúis leis an iarratas ar shocruithe speisialta a chur ar fáil chomh maith le doiciméid tacaíochta. Tá gá le bailiú na sonraí sin le go bhféadfaidh EPSO measúnú oibiachtúil cás ar chás a dhéanamh ar chúinsí gach iarrthóra chun bearta oiriúnúcháin leordhóthanacha a chur ar fáil do na trialacha, rud a ligfeadh d’iarrthóirí trialacha a dhéanamh sna cúinsí is fearr is féidir, i bhfianaise a gcuid riachtanas. Bíonn roinnt catagóirí cumhdaithe ag na sonraí maidir le sláinte a sholáthraíonn na hiarrthóirí: fadhb shláinte shealadach, fadhb shláinte bhuan/míchumas, toircheas/cothú cíche.
- Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?
Chun an oibríocht phróiseála sin a dhéanamh, bailíonn EPSO na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas:
- Sonraí pearsanta lenar féidir an t-iarrthóir a shainaithint: ainm(neacha), sloinne nó sloinnte atá in úsáid faoi láthair, sloinne nó sloinnte tráth a mbreithe, dáta breithe, inscne, saoránacht(aí), príomhtheanga, cineál agus uimhir an doiciméid aitheantais, cóip den doiciméad aitheantais mar aon leis na sonraí pearsanta uile atá sa doiciméad sin, uimhir aitheantais náisiúnta, pictiúr den iarrthóir, seoladh IP, seoladh ríomhphoist, uimhir iarratais an chomórtais, uimhir aitheantais rúnda a thugtar chun ceartú anaithnid a dhéanamh ar na trialacha, 'uimhir incháilitheachta' a úsáidtear chun incháilitheacht a áirithiú i gcomhthéacs trialacha ar ríomhaire. Maidir le comórtais inmheánacha, an uimhir foirne, an stádas riaracháin, an grúpa feidhme, agus an grád sa bhreis ar an méid thuas.
- Sonraí pearsanta a bhaineann le húsáid cuntais EPSO iarrthóirí: uimhir aitheantais úsáideora phearsanta, ainm úsáideora/logáil isteach, pasfhocal, loga cuairteanna úsáideora.
- Sonraí pearsanta iarrthóirí is gá chun gur féidir teagmháil a dhéanamh leo agus na trialacha a eagrú go praiticiúil: seoladh, cód poist, cathair, tír, uimhir theileafóin nó uimhreacha teileafóin, teangacha comhfhreagrais, teangacha ina ndéanfar trialacha; sonraí a chuir iarrthóirí ar fáil maidir le riachtanais speisialta (go háirithe, sonrú fadhbanna sláinte agus/nó míchumas); sonraí a bhaineann le gaolta teaghlaigh, sóisialta agus gairmiúla a d’fhéadfadh a bheith ina gcoinbhleacht leasa.
- Sonraí pearsanta iarrthóirí is gá chun gur féidir meastóireacht a dhéanamh i bhfianaise na gcritéar incháilitheachta agus/nó roghnúcháin atá leagtha síos san fhógra comórtais, agus chun measúnú a dhéanamh ar a n-inspreagadh: cúlra oideachais, sonraí faoi thaithí oibre, saineolas agus scileanna teicniúla, eolas ar theangacha. Taifead closamhairc de roinnt tástálacha a úsáidtear le haghaidh measúnú aisioncronach.
- Torthaí a ghnóthaigh na hiarrthóirí ag céimeanna éagsúla an chomórtais, agus sonraí a bhaineann le measúnú cháilíochtaí, scileanna agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí (marcanna agus nótaí tráchta ón mbord roghnúcháin).
Tá soláthar sonraí pearsanta éigeantach i ngach réimse den fhoirm iarratais ar líne atá marcáilte le réiltín (*). Mura bhfuil na réimsí seo líonta isteach, ní féidir an t-iarrthóir a chlárú.
Sonraí i gcatagóir na dtorthaí a ghnóthaigh na hiarrthóirí ag céimeanna éagsúla an chomórtais, agus sonraí a bhaineann le measúnú cháilíochtaí, scileanna agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí (marcanna agus nótaí tráchta ón mbord roghnúcháin), faightear iad le linn phróiseas an chomórtais de thoradh mheasúnú an bhoird roghnúcháin an chomórtais.
- Cá fhad a choinneoimid sonraí pearsanta?
Ní choinníonn EPSO sonraí pearsanta iarrthóirí ach ar feadh na tréimhse is gá chun críche bailiúcháin nó próiseála breise, is é sin:
- i gcás comhaid aonair iarrthóirí a díchuireadh as comórtas ar leith, go ceann 2 bhliain, ag tosú ón dáta a dhícháilítear an t-iarrthóir ón gcomórtas;
- i gcás comhaid aonair iarrthóirí atá ar phainéal comórtais ar leith, go ceann 2 bhliain ó dhúnadh an phainéil;
- i gcás comhaid chúlra lena ndéantar eagrú na gcomórtas a dhoiciméadú, go ceann 10 mbliana ó dheireadh an chomórtais;
- i gcás sonraí pearsanta iarrthóirí a soláthraíodh mar chuid d’iarratas ar chomórtas sonrach, ar iarratas é nár bailíochtaíodh in am, go ceann bliana ó dháta deiridh thréimhse iarratais an chomórtais.
- Cén chaoi a gcosnaímid sonraí pearsanta iarrthóirí?
Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte, etc.) a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh nó ar fhreastalaithe a chonraitheoirí. Déantar na hoibríochtaí próiseála go léir de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise a úsáideann an Coimisiún Eorpach.
Tá conraitheoirí an Choimisiúin faoi réir clásal conarthach ar leith maidir le haon phróiseáil a dhéanfar ar do chuid sonraí thar ceann an Choimisiúin, agus faoi réir na n-oibleagáidí rúndachta a eascraíonn as trasuí an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí sna Ballstáit (Rialachán ‘RGCS’ (AE) 2016/679).
Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá gníomhartha iomchuí chun dul i ngleic le slándáil ar líne, agus leis an mbaol go gcaillfear sonraí, go ndéanfar sonraí a athrú nó go mbeidh rochtain neamhúdaraithe orthu, an riosca a bhaineann leis an bpróiseáil agus na cineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil san áireamh. Ar na bearta eagraíochtúla, tá cead rochtana ar na sonraí a theorannú do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.
- Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?
Tugtar rochtain ar shonraí pearsanta iarrthóirí d'fhostaithe an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú agus do na baill foirne atá údaraithe de réir an phrionsabail “ar bhonn riachtanais eolais”. Cloíonn na baill foirne sin le comhaontuithe reachtúla rúndachta, agus nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.
Faighteoirí sonraí:
- Boird roghnúcháin, measúnóirí reachtúla (scrúdaitheoirí i gcáil chomhairleach) de réir bhrí Airteagal 3 d’Iarscríbhinn III SR, agus foireann EPSO: chun measúnú a dhéanamh ar incháilitheacht agus ar bhuanna comparáideacha iarrthóirí, agus chun cúnamh a thabhairt do na boird roghnúcháin, faoi seach.
- Institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh: chun críocha earcaíochta (ní fhaigheann siad aon eolas ar mhíchumas murar thoiligh an t-iarrthóir go sainráite le haistriú na sonraí sin).
- Cúirteanna an Aontais Eorpaigh, Seirbhísí Dlí an údaráis ceapacháin lena mbaineann: i gcás iarraidh nó gearán riaracháin faoi Airteagal 90 § 1 nó 2 de na Rialacháin Foirne agus/nó achomharc breithiúnach a cuireadh faoi bhráid Chúirteanna an Aontais Eorpaigh.
- OLAF, an Oifig Imscrúdaithe agus Araíonachta, an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach agus an Chúirt Iniúchóirí: arna iarraidh sin, agus teoranta don mhéid is gá le haghaidh imscrúduithe oifigiúla nó chun críocha iniúchóireachta.
- An tOmbudsman Eorpach: arna iarraidh sin, agus teoranta don mhéid is gá le haghaidh imscrúduithe agus fiosrúcháin oifigiúla.
- conraitheoirí EPSO atá i gceannas ar eagrú praiticiúil trialacha áirithe: tá na sonraí a thugtar do na conraitheoirí teoranta ó thaobh ama agus raon feidhme de, chun freastal ar an sainchuspóir iarrthóirí a shainaithint ag an ionad trialacha agus chun leagan ceart na dtrialacha a riar.
- Ballstáit an Aontais Eorpaigh: ach toiliú sainráite a fháil ón iarrthóir, is féidir a ainm, a shloinne, a sheoladh ríomhphoist agus uimhir thagartha an chomórtais a aistriú chuig údaráis náisiúnta an Bhallstáit/na mBallstát ar saoránach de/díobh an t-iarrthóir sin, chun cúnamh a thabhairt i rith an phróisis roghnúcháin agus le haghaidh earcaíochta.
Ní thabharfar an t-eolas a bhailímid d'aon tríú páirtí, seachas a mhéid is gá nó chun na críocha is gá chun an dlí a chomhlíonadh.
- Cé na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?
Tá cearta sonracha agat mar “ábhar sonraí” faoi Chaibidil III (Airteagail 14 go 25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart do shonraí pearsanta a rochtain agus a cheartú i gcás ina bhfuil do shonraí pearsanta míchruinn nó neamhiomlán. I gcás inarb iomchuí, tá sé de cheart agat do shonraí pearsanta a scriosadh, srian a chur lena bpróiseáil, agus agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála, agus tá ceart chun iniomparthacht sonraí agat.
Tá an ceart agat agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta, agóid a dhéantar go dleathach de bhun Airteagal 5(1)(a) ar chúiseanna a bhaineann go sonrach le do chás féin.
Tá toilithe agat do shonraí pearsanta a chur ar fáil do EPSO le haghaidh na hoibríochta próiseála reatha. Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar am ar bith ach fógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.
Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a gcuid sonraí teagmhála le fáil faoi Cheannteideal 9 thíos.
I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríochta próiseála ar leith amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairtí taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10 thíos) i d'iarratas.
- Sonraí teagmhála
- An Rialaitheoir Sonraí
Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí tríd an bhFoirm ghréasáin EPSO
- Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin
Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICER@ec.europa.eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.
- An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
Tá sé de cheart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. gearán a dhéanamh leis) (edps@edps.europa.eu) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 de thoradh na próiseála a rinne an Rialaitheoir Sonraí ar do shonraí pearsanta.
- Tuilleadh eolais
Foilsíonn an tOifigeach Cosanta Sonraí clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl dó. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: http://ec.europa.eu/dpo-register.
Tá an oibríocht phróiseála shonrach sin curtha le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil leis: DPR-EC-01159.
An ráiteas príobháideachais sonrach maidir le cosaint sonraí pearsanta i gcás próiseas roghnúcháin gníomhairí ar conradh
An oibríocht phróiseála: Baill foirne shealadacha a roghnú d’institiúidí an Aontais nó do chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Chomhphobail
Rialaitheoir Sonraí:EPSO
Tagairt taifid: DPR-EC-01154.1
- Réamhrá
Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ anseo feasta) tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).
Sa ráiteas príobháideachais seo, tá míniú ar an bhfáth a bpróiseálaimid sonraí pearsanta iarrthóirí, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Istigh ann freisin tá sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus sonraí teagmhála an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.
Anseo thíos tá an t-eolas maidir leis an oibríocht phróiseála dar teideal 'Baill foirne shealadacha a roghnú d’institiúidí an Aontais nó do chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Chomhphobail' a fheidhmíonn EPSO.
- Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid sonraí pearsanta iarrthóirí?
Cuspóir na hoibríochta próiseála: Bailíonn agus úsáideann EPSO sonraí pearsanta iarrthóirí chun próisis roghnúcháin a eagrú chun baill foirne a roghnú d’fhonn iad a earcú mar ghníomhairí sealadacha in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, chun gnéithe riaracháin an chlárúcháin agus céimeanna leantacha na bpróiseas roghnúcháin a bhainistiú, agus chun bainistíocht agus faireachán a dhéanamh ar úsáid bhunachar sonraí na bpainéal.
Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.
- Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid sonraí pearsanta iarrthóirí a phróiseáil?
Déanaimid sonraí pearsanta iarrthóirí a phróiseáil ar na cúiseanna seo a leanas:
- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid nó don chomhlacht de chuid an Aontais;
- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil atá ar an rialaitheoir a chomhlíonadh.
Leagadh síos an bunús leis an bpróiseáil sna dlíthe seo a leanas de chuid an Aontais:
Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne na nOifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (IO 45, 14.6.1962, lch. 1385), arna leasú go deireanach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1611 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2016. Cinneadh Uimh. 2002/620/CE ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún Eorpach, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón gCúirt Iniúchóirí, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ó Choiste na Réigiún agus ón Ombudsman Eorpach an 25 Iúil 2002 lena mbunaítear Oifig na gComhphobal Eorpach um Roghnú Foirne. Cinneadh Uimh. 2002/621/CE ó Ard-Rúnaithe Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin Eorpaigh, ó Chláraitheoir na Cúirte Breithiúnais, ó Ard-Rúnaithe na Cúirte Iniúchóirí, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ó Choiste na Réigiún agus ó Ionadaí an Ombudsman Eorpaigh an 25 Iúil 2002 maidir le heagrú agus le feidhmiú Oifig na gComhphobal Eorpach um Roghnú Foirne.
Déanaimid catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil – mar atá, sonraí a bhaineann leis an tsláinte – mar gheall ar an méid seo a leanas:
- thug an t-ábhar sonraí toiliú sainráite go ndéanfaí na sonraí pearsanta sin a phróiseáil chun críche sonraithe amháin nó níos mó;
- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáidí an rialaitheora nó an ábhair sonraí a chomhlíonadh agus chun cearta sonracha an rialaitheora nó an ábhair sonraí a fheidhmiú i réimse dhlí na fostaíochta agus na slándála sóisialta agus cosanta sóisialta a mhéid atá údaraithe i ndlí an Aontais lena bhforáiltear maidir le coimircí iomchuí do chearta bunúsacha agus leasanna an ábhair sonraí.
Go sonrach, san fhoirm iarratais iarrtar ar iarrthóirí freagra a thabhairt ar an gceist seo a leanas: 'An bhfuil socruithe speisialta ar na trialacha roghnúcháin de dhíth ort mar gheall ar mhíchumas nó fadhb shláinte?' Má thugann siad freagra dearfach ar an gceist sin, iarrtar orthu sonraí a bhaineann lena sláinte, go sonrach leis an míchumas nó leis an bhfadhb shláinte is cúis leis an iarratas ar shocruithe speisialta a chur ar fáil chomh maith le doiciméid tacaíochta. Tá gá le bailiú na sonraí sin le go bhféadfaidh EPSO measúnú oibiachtúil cás ar chás a dhéanamh ar chúinsí gach iarrthóra chun bearta oiriúnúcháin leordhóthanacha a chur ar fáil do na trialacha, rud a ligfeadh d’iarrthóirí trialacha a dhéanamh sna cúinsí is fearr is féidir, i bhfianaise a gcuid riachtanas. Bíonn roinnt catagóirí cumhdaithe ag na sonraí maidir le sláinte a sholáthraíonn na hiarrthóirí: fadhb shláinte shealadach, fadhb shláinte bhuan/míchumas, toircheas/cothú cíche.
- Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?
Chun an oibríocht phróiseála sin a dhéanamh, bailíonn EPSO na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas:
- Sonraí pearsanta lenar féidir an t-iarrthóir a shainaithint: ainm(neacha), sloinne nó sloinnte atá in úsáid faoi láthair, sloinne nó sloinnte tráth a mbreithe, dáta breithe, inscne, saoránacht(aí), príomhtheanga, cineál agus uimhir an doiciméid aitheantais, cóip den doiciméad aitheantais mar aon leis na sonraí pearsanta uile atá sa doiciméad sin, uimhir aitheantais náisiúnta, seoladh ríomhphoist, uimhir iarratais an phróisis roghnúcháin, uimhir aitheantais rúnda a thugtar chun ceartú anaithnid a dhéanamh ar na trialacha, “uimhir incháilitheachta” a úsáidtear chun incháilitheacht a áirithiú i gcomhthéacs trialacha ar ríomhaire.
- Sonraí pearsanta a bhaineann le húsáid cuntais EPSO iarrthóirí: uimhir aitheantais úsáideora phearsanta, ainm úsáideora/logáil isteach, pasfhocal, loga cuairteanna úsáideora.
- Sonraí pearsanta iarrthóirí is gá chun gur féidir teagmháil a dhéanamh leo agus na trialacha a eagrú go praiticiúil: seoladh, cód poist, cathair, tír, uimhir theileafóin nó uimhreacha teileafóin, teangacha comhfhreagrais, teangacha ina ndéanfar trialacha; sonraí a chuir iarrthóirí ar fáil maidir le riachtanais speisialta (go háirithe, sonrú fadhbanna sláinte agus/nó míchumas); sonraí a bhaineann le gaolta teaghlaigh, sóisialta agus gairmiúla a d’fhéadfadh a bheith ina gcoinbhleacht leasa.
- Sonraí pearsanta na n-iarrthóirí is gá chun gur féidir meastóireacht a dhéanamh i bhfianaise na gcritéar incháilitheachta agus/nó roghnúcháin atá leagtha síos san fhógra comórtais, agus chun measúnú a dhéanamh ar a n-inspreagadh: cúlra oideachais, sonraí faoi thaithí oibre, saineolas agus scileanna teicniúla, eolas ar theangacha.
- Torthaí a ghnóthaigh na hiarrthóirí ag céimeanna éagsúla an chomórtais, agus sonraí a bhaineann le measúnú cháilíochtaí, scileanna agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí (marcanna agus nótaí tráchta ón mbord roghnúcháin).
Tá soláthar sonraí pearsanta éigeantach i ngach réimse den fhoirm iarratais ar líne atá marcáilte le réiltín (*). Mura bhfuil na réimsí seo líonta isteach, ní féidir an t-iarrthóir a chlárú.
Sonraí i gcatagóir na dtorthaí a ghnóthaigh na hiarrthóirí ag céimeanna éagsúla an phróisis roghnúcháin, agus sonraí a bhaineann le measúnú scileanna agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí (marcanna trialacha agus nótaí tráchta), faightear iad le linn an phróisis roghnúcháin agus ó thorthaí na measúnuithe a rinneadh i gcreat an phróisis roghnúcháin.
- Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta?
Ní choinníonn EPSO sonraí pearsanta iarrthóirí ach ar feadh na tréimhse is gá chun críche bailiúcháin nó próiseála breise, is é sin:
- i gcás comhaid aonair iarrthóirí a díchuireadh as próiseas roghnúcháin ar leith, go ceann 5 bliana, ag tosú ón dáta a dhícháilítear an t-iarrthóir ón bpróiseas roghnúcháin;
- i gcás comhaid aonair na n-iarrthóirí atá ar phainéal earcaíochta próisis roghnúcháin ar leith, go ceann 2 bhliain ó dhúnadh an phainéil earcaíochta;
- i gcás comhaid chúlra lena ndéantar eagrú na bpróiseas roghnúcháin do ghníomhairí sealadacha, ar feadh 5 bliana ó dheireadh an phróisis roghnúcháin;
- i gcás sonraí pearsanta iarrthóirí a soláthraíodh mar chuid d’iarratas ar phróiseas roghnúcháin sonrach, ar iarratas é nár bailíochtaíodh in am, go ceann bliana ó dháta deiridh thréimhse iarratais an phróisis roghnúcháin.
- Cén chaoi a gcosnaímid sonraí pearsanta iarrthóirí?
Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte, etc.) a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh nó ar fhreastalaithe a chonraitheoirí. Déantar na hoibríochtaí próiseála go léir de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise a úsáideann an Coimisiún Eorpach.
Tá conraitheoirí an Choimisiúin faoi réir clásal conarthach ar leith maidir le haon phróiseáil a dhéanfar ar do chuid sonraí thar ceann an Choimisiúin, agus faoi réir na n-oibleagáidí rúndachta a eascraíonn as trasuí an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí sna Ballstáit (Rialachán ‘RGCS’ (AE) 2016/679).
Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá gníomhartha iomchuí chun dul i ngleic le slándáil ar líne, agus leis an mbaol go gcaillfear sonraí, go ndéanfar sonraí a athrú nó go mbeidh rochtain neamhúdaraithe orthu, an riosca a bhaineann leis an bpróiseáil agus na cineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil san áireamh. Ar na bearta eagraíochtúla, tá cead rochtana ar na sonraí a theorannú do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.
- Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?
Tugtar rochtain ar shonraí pearsanta iarrthóirí d'fhostaithe an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú agus do na baill foirne atá údaraithe de réir an phrionsabail “ar bhonn riachtanais eolais”. Cloíonn na baill foirne sin le comhaontuithe reachtúla rúndachta, agus nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.
Faighteoirí sonraí:
- Painéil roghnúcháin, measúnóirí reachtúla (scrúdaitheoirí a ghníomhaíonn i gcáil chomhairleach) de réir bhrí Airteagal 3 d’Iarscríbhinn III SR (de réir analaí), agus foireann EPSO: chun measúnú a dhéanamh ar incháilitheacht agus ar bhuanna comparáideacha iarrthóirí, agus chun cúnamh a thabhairt do na boird roghnúcháin, faoi seach.
- Institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh: chun críocha earcaíochta (ní fhaigheann siad aon eolas ar mhíchumas murar thoiligh an t-iarrthóir go sainráite le haistriú na sonraí sin).
- Cúirteanna an Aontais Eorpaigh, Seirbhísí Dlí an údaráis ceapacháin lena mbaineann: i gcás iarraidh nó gearán riaracháin faoi Airteagal 90 § 1 nó 2 de na Rialacháin Foirne agus/nó achomharc breithiúnach a cuireadh faoi bhráid Chúirteanna an Aontais Eorpaigh.
- OLAF, an Oifig Imscrúdaithe agus Araíonachta, an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach agus an Chúirt Iniúchóirí: arna iarraidh sin, agus teoranta don mhéid is gá le haghaidh imscrúduithe oifigiúla nó chun críocha iniúchóireachta.
- An tOmbudsman Eorpach: arna iarraidh sin, agus teoranta don mhéid is gá le haghaidh imscrúduithe agus fiosrúcháin oifigiúla.
- conraitheoirí EPSO atá i gceannas ar eagrú praiticiúil trialacha áirithe: tá na sonraí a thugtar do na conraitheoirí teoranta ó thaobh ama agus raon feidhme de, chun freastal ar an sainchuspóir iarrthóirí a shainaithint ag an ionad trialacha agus chun leagan ceart na dtrialacha a riar.
Ní thabharfar an t-eolas a bhailímid d'aon tríú páirtí, seachas a mhéid is gá nó chun na críocha is gá chun an dlí a chomhlíonadh.
- Cé na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?
Tá cearta sonracha agat mar “ábhar sonraí” faoi Chaibidil III (Airteagail 14 go 25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart do shonraí pearsanta a rochtain agus a cheartú i gcás ina bhfuil do shonraí pearsanta míchruinn nó neamhiomlán. I gcás inarb iomchuí, tá sé de cheart agat do shonraí pearsanta a scriosadh, srian a chur lena bpróiseáil, agus agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála, agus tá ceart chun iniomparthacht sonraí agat.
Tá an ceart agat agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta, agóid a dhéantar go dleathach de bhun Airteagal 5(1)(a) ar chúiseanna a bhaineann go sonrach le do chás féin.
Tá toilithe agat do shonraí pearsanta a chur ar fáil do EPSO le haghaidh na hoibríochta próiseála reatha. Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar am ar bith ach fógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.
Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a gcuid sonraí teagmhála le fáil faoi Cheannteideal 9 thíos.
I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríochta próiseála ar leith amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairtí taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10 thíos) i d'iarratas.
- Sonraí teagmhála
- An Rialaitheoir Sonraí
Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí tríd an bhFoirm ghréasáin EPSO
- Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin
Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICER@ec.europa.eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.
- An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
Tá sé de cheart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. gearán a dhéanamh leis) (edps@edps.europa.eu) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 de thoradh na próiseála a rinne an Rialaitheoir Sonraí ar do shonraí pearsanta.
- Tuilleadh eolais
Foilsíonn an tOifigeach Cosanta Sonraí clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl dó. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: http://ec.europa.eu/dpo-register.
Tá an oibríocht phróiseála shonrach sin curtha le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil leis: DPR-EC-01154.
An ráiteas príobháideachais sonrach maidir le cosaint sonraí pearsanta i gcás próiseas roghnaithe gníomhairí ar conradh
An oibríocht phróiseála: Baill foirne ar conradh a roghnú d’institiúidí an Aontais nó do chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Chomhphobail
Rialaitheoir Sonraí:EPSO
Tagairt taifid: DPR-EC-01157.1
- Réamhrá
Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ anseo feasta) tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).
Sa ráiteas príobháideachais seo, tá míniú ar an bhfáth a bpróiseálaimid sonraí pearsanta iarrthóirí, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Istigh ann freisin tá sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus sonraí teagmhála an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.
Anseo thíos tá an t-eolas maidir leis an oibríocht phróiseála dar teideal “Baill foirne ar conradh a roghnú d’institiúidí an Aontais nó do chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Chomhphobail” a fheidhmíonn EPSO.
- Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid sonraí pearsanta iarrthóirí?
Cuspóir na hoibríochta próiseála: Bailíonn agus úsáideann EPSO sonraí pearsanta iarrthóirí chun próisis roghnúcháin a eagrú chun baill foirne a roghnú d’fhonn iad a earcú mar ghníomhairí ar conradh in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, chun gnéithe riaracháin an chlárúcháin agus céimeanna leantacha na bpróiseas roghnúcháin a bhainistiú, agus chun bainistíocht agus faireachán a dhéanamh ar úsáid bhunachar sonraí na bpainéal.
Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.
- Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid sonraí pearsanta iarrthóirí a phróiseáil?
Déanaimid sonraí pearsanta iarrthóirí a phróiseáil ar na cúiseanna seo a leanas:
- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid nó don chomhlacht de chuid an Aontais;
- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil atá ar an rialaitheoir a chomhlíonadh.
Leagadh síos an bunús leis an bpróiseáil sna dlíthe seo a leanas de chuid an Aontais:
Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne na nOifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (IO 45, 14.6.1962, lch. 1385), arna leasú go deireanach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1611 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2016. Cinneadh Uimh. 2002/620/CE ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún Eorpach, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón gCúirt Iniúchóirí, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ó Choiste na Réigiún agus ón Ombudsman Eorpach an 25 Iúil 2002 lena mbunaítear Oifig na gComhphobal Eorpach um Roghnú Foirne. Cinneadh Uimh. 2002/621/CE ó Ard-Rúnaithe Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin Eorpaigh, ó Chláraitheoir na Cúirte Breithiúnais, ó Ard-Rúnaithe na Cúirte Iniúchóirí, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ó Choiste na Réigiún agus ó Ionadaí an Ombudsman Eorpaigh an 25 Iúil 2002 maidir le heagrú agus le feidhmiú Oifig na gComhphobal Eorpach um Roghnú Foirne.
Déanaimid catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil – mar atá, sonraí a bhaineann leis an tsláinte – mar gheall ar an méid seo a leanas:
- thug an t-ábhar sonraí toiliú sainráite go ndéanfaí na sonraí pearsanta sin a phróiseáil chun críche sonraithe amháin nó níos mó;
- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáidí an rialaitheora nó an ábhair sonraí a chomhlíonadh agus chun cearta sonracha an rialaitheora nó an ábhair sonraí a fheidhmiú i réimse dhlí na fostaíochta agus na slándála sóisialta agus cosanta sóisialta a mhéid atá údaraithe i ndlí an Aontais lena bhforáiltear maidir le coimircí iomchuí do chearta bunúsacha agus leasanna an ábhair sonraí.
Go sonrach, san fhoirm iarratais iarrtar ar iarrthóirí freagra a thabhairt ar an gceist seo a leanas: 'An bhfuil socruithe speisialta ar na trialacha roghnúcháin de dhíth ort mar gheall ar mhíchumas nó fadhb shláinte?' Má thugann siad freagra dearfach ar an gceist sin, iarrtar orthu sonraí a bhaineann lena sláinte, go sonrach leis an míchumas nó leis an bhfadhb shláinte is cúis leis an iarratas ar shocruithe speisialta a chur ar fáil chomh maith le doiciméid tacaíochta. Tá gá le bailiú na sonraí sin le go bhféadfaidh EPSO measúnú oibiachtúil cás ar chás a dhéanamh ar chúinsí gach iarrthóra chun bearta oiriúnúcháin leordhóthanacha a chur ar fáil do na trialacha, rud a ligfeadh d’iarrthóirí trialacha a dhéanamh sna cúinsí is fearr is féidir, i bhfianaise a gcuid riachtanas. Bíonn roinnt catagóirí cumhdaithe ag na sonraí maidir le sláinte a sholáthraíonn na hiarrthóirí: fadhb shláinte shealadach, fadhb shláinte bhuan/míchumas, toircheas/cothú cíche.
- Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?
Chun an oibríocht phróiseála sin a dhéanamh, bailíonn EPSO na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas:
- Sonraí pearsanta lenar féidir an t-iarrthóir a shainaithint: ainm(neacha), sloinne nó sloinnte atá in úsáid faoi láthair, sloinne nó sloinnte tráth a mbreithe, dáta breithe, inscne, saoránacht(aí), príomhtheanga, cineál agus uimhir an doiciméid aitheantais, cóip den doiciméad aitheantais mar aon leis na sonraí pearsanta uile atá sa doiciméad sin, uimhir aitheantais náisiúnta, seoladh ríomhphoist, uimhir iarratais an phróisis roghnúcháin, uimhir aitheantais rúnda a thugtar chun ceartú anaithnid a dhéanamh ar na trialacha, “uimhir incháilitheachta” a úsáidtear chun incháilitheacht a áirithiú i gcomhthéacs trialacha ar ríomhaire.
- Sonraí pearsanta a bhaineann le húsáid cuntais EPSO iarrthóirí: uimhir aitheantais úsáideora phearsanta, ainm úsáideora/logáil isteach, pasfhocal, loga cuairteanna úsáideora.
- Sonraí pearsanta iarrthóirí is gá chun gur féidir teagmháil a dhéanamh leo agus na trialacha a eagrú go praiticiúil: seoladh, cód poist, cathair, tír, uimhir theileafóin nó uimhreacha teileafóin, teangacha comhfhreagrais, teangacha ina ndéanfar trialacha; sonraí a chuir iarrthóirí ar fáil maidir le riachtanais speisialta (go háirithe, sonrú fadhbanna sláinte agus/nó míchumas).
- Sonraí pearsanta na n-iarrthóirí is gá chun gur féidir meastóireacht a dhéanamh i bhfianaise na gcritéar incháilitheachta atá leagtha síos sa ghlao ar léiriú spéise, agus chun measúnú a dhéanamh ar a n-inspreagadh: cúlra oideachais, sonraí faoi thaithí oibre, saineolas agus scileanna teicniúla, eolas ar theangacha.
- Torthaí a ghnóthaigh na hiarrthóirí ag céimeanna éagsúla an phróisis roghnúcháin, mar aon le sonraí a bhaineann le measúnú scileanna agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí (torthaí trialacha).
Tá soláthar sonraí pearsanta éigeantach i ngach réimse den fhoirm iarratais ar líne atá marcáilte le réiltín (*). Mura bhfuil na réimsí seo líonta isteach, ní féidir an t-iarrthóir a chlárú.
Sonraí i gcatagóir na dtorthaí a ghnóthaigh na hiarrthóirí ag céimeanna éagsúla an phróisis roghnúcháin, agus sonraí a bhaineann le measúnú scileanna agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí (marcanna trialacha), faightear iad le linn an phróisis roghnúcháin agus ó thorthaí na measúnuithe a rinneadh i gcreat an phróisis roghnúcháin.
- Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta?
Ní choinníonn EPSO sonraí pearsanta iarrthóirí ach ar feadh na tréimhse is gá chun críche bailiúcháin nó próiseála breise, is é sin:
- i gcás comhaid aonair iarrthóirí a díchuireadh as próiseas roghnúcháin ar leith, go ceann 5 bliana ó dháta deiridh an phróisis roghnúcháin, nó ón dáta a d'iarr an t-iarrthóir go scriosfaí a chuid sonraí den bhunachar sonraí;
- i gcás comhaid aonair na n-iarrthóirí atá ar phainéal earcaíochta próisis roghnúcháin ar leith, go ceann 2 bhliain ó dhúnadh an phainéil earcaíochta;
- i gcás comhaid chúlra lena ndéantar eagrú phróiseas roghnúcháin na ngníomhairí ar conradh a dhoiciméadú, go ceann 5 bliana ó dheireadh an phróisis roghnúcháin;
- i gcás sonraí pearsanta iarrthóirí a soláthraíodh mar chuid d’iarratas ar phróiseas roghnúcháin sonrach, ar iarratas é nár bailíochtaíodh in am, go ceann bliana ó dháta deiridh thréimhse iarratais an phróisis roghnúcháin.
- Cén chaoi a gcosnaímid sonraí pearsanta iarrthóirí?
Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte, etc.) a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh nó ar fhreastalaithe a chonraitheoirí. Déantar na hoibríochtaí próiseála go léir de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise a úsáideann an Coimisiún Eorpach.
Tá conraitheoirí an Choimisiúin faoi réir clásal conarthach ar leith maidir le haon phróiseáil a dhéanfar ar do chuid sonraí thar ceann an Choimisiúin, agus faoi réir na n-oibleagáidí rúndachta a eascraíonn as trasuí an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí sna Ballstáit (Rialachán ‘RGCS’ (AE) 2016/679).
Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá gníomhartha iomchuí chun dul i ngleic le slándáil ar líne, agus leis an mbaol go gcaillfear sonraí, go ndéanfar sonraí a athrú nó go mbeidh rochtain neamhúdaraithe orthu, an riosca a bhaineann leis an bpróiseáil agus na cineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil san áireamh. Ar na bearta eagraíochtúla, tá cead rochtana ar na sonraí a theorannú do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.
- Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?
Tugtar rochtain ar shonraí pearsanta iarrthóirí d'fhostaithe an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú agus do na baill foirne atá údaraithe de réir an phrionsabail “ar bhonn riachtanais eolais”. Cloíonn na baill foirne sin le comhaontuithe reachtúla rúndachta, agus nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.
Faighteoirí sonraí:
- Painéil roghnúcháin, measúnóirí reachtúla (scrúdaitheoirí a ghníomhaíonn i gcáil chomhairleach) de réir bhrí Airteagal 3 d’Iarscríbhinn III SR (de réir analaí), agus foireann EPSO: chun críche measúnú a dhéanamh ar incháilitheacht agus ar bhuanna comparáideacha na n-iarrthóirí, agus chun cúnamh a thabhairt do na painéil roghnúcháin, faoi seach.
- Institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh: chun críocha earcaíochta (ní fhaigheann siad aon eolas ar mhíchumas murar thoiligh an t-iarrthóir go sainráite le haistriú na sonraí sin).
- Cúirteanna an Aontais Eorpaigh, Seirbhísí Dlí an údaráis ceapacháin lena mbaineann: i gcás iarraidh nó gearán riaracháin faoi Airteagal 90 § 1 nó 2 de na Rialacháin Foirne agus/nó achomharc breithiúnach a cuireadh faoi bhráid Chúirteanna an Aontais Eorpaigh.
- OLAF, an Oifig Imscrúdaithe agus Araíonachta, an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach agus an Chúirt Iniúchóirí: arna iarraidh sin, agus teoranta don mhéid is gá le haghaidh imscrúduithe oifigiúla nó chun críocha iniúchóireachta.
- An tOmbudsman Eorpach: arna iarraidh sin, agus teoranta don mhéid is gá le haghaidh imscrúduithe agus fiosrúcháin oifigiúla.
- conraitheoirí EPSO atá i gceannas ar eagrú praiticiúil trialacha áirithe: tá sonraí a thugtar do na conraitheoirí teoranta ó thaobh ama agus raon feidhme de, chun freastal ar an sainchuspóir iarrthóirí a shainaithint ag an ionad trialacha agus chun leagan ceart na dtrialacha a riar.
Ní thabharfar an t-eolas a bhailímid d'aon tríú páirtí, seachas a mhéid is gá nó chun na críocha is gá chun an dlí a chomhlíonadh.
- Cé na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?
Tá cearta sonracha agat mar “ábhar sonraí” faoi Chaibidil III (Airteagail 14 go 25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart do shonraí pearsanta a rochtain agus a cheartú i gcás ina bhfuil do shonraí pearsanta míchruinn nó neamhiomlán. I gcás inarb iomchuí, tá sé de cheart agat do shonraí pearsanta a scriosadh, srian a chur lena bpróiseáil, agus agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála, agus tá ceart chun iniomparthacht sonraí agat.
Tá an ceart agat agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta, agóid a dhéantar go dleathach de bhun Airteagal 5(1)(a) ar chúiseanna a bhaineann go sonrach le do chás féin.
Tá toilithe agat do shonraí pearsanta a chur ar fáil do EPSO le haghaidh na hoibríochta próiseála reatha. Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar am ar bith ach fógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.
Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a gcuid sonraí teagmhála le fáil faoi Cheannteideal 9 thíos.
I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríochta próiseála ar leith amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairtí taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10 thíos) i d'iarratas.
- Sonraí teagmhála
- An Rialaitheoir Sonraí
Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí tríd an bhFoirm ghréasáin EPSO
- Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin
Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICER@ec.europa.eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.
- An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
Tá sé de cheart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. gearán a dhéanamh leis) (edps@edps.europa.eu) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 de thoradh na próiseála a rinne an Rialaitheoir Sonraí ar do shonraí pearsanta.
- Tuilleadh eolais
Foilsíonn an tOifigeach Cosanta Sonraí clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl dó. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: http://ec.europa.eu/dpo-register.
Tá an oibríocht phróiseála shonrach sin curtha le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil leis: DPR-EC-01157.