
Dlítheangeolaithe do CS, DA, ET, FI, FR, IT, LV agus SV

An dlíodóir ilteangach thú, agus an spéis leat tús a chur le gairmréim idirnáisiúnta?
Tá Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, atá lonnaithe i Lucsamburg, ag lorg dlítheangeolaithe do na teangacha seo a leanas: Seicis (CS), Danmhairgis (DA), Eastóinis (ET), Fionlainnis (FI), Fraincis (FR), Iodáilis (IT), Laitvis (LV) agus Sualainnis (SV). Ceapfar na hiarrthóirí rathúla ina riarthóirí ag grád AD 7. Cumhdaíonn an fógra seo ocht dteanga, agus baineann gach ceann acu le comórtas ar leith. Ní féidir le hiarrthóir iarratas a dhéanamh ach ar aon cheann amháin acu.
I do cháil mar dhlítheangeolaí ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, beidh ort téacsanna dlí casta (cinntí de chuid na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta, Tuairimí na nAbhcóidí Ginearálta, pléadálacha i scríbhinn ó na páirtithe, etc.) a aistriú go teanga an chomórtais ó dhá cheann eile ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh, na haistriúcháin sin a athbhreithniú, agus anailís dlí a dhéanamh i gcomhar leis na Clárlanna agus le ranna eile Chúirt Bhreithiúnais an Aontas Eorpaigh. Úsáideann dlítheangeolaithe uirlisí caighdeánacha TF agus oifige chun a gcuid oibre a dhéanamh.
Tá eolas mionsonraithe faoi na riachtanais le fáil san fhógra comórtais ar an leathanach iarratais thíos.
Is féidir iarratas a dhéanamh ón 24 Aibreán 2025 agus is é an 28 Bealtaine 2025 ar 12:00 (meán lae), am na Bruiséile, an sprioc-am do na hiarratais.