
Dlítheangeolaithe Iodáilise (IT)
Application - Read the instructions before applying
Má chinneann tú iarratas a dhéanamh, lean na treoracha seo a leanas:
- Cruthaigh do chuntas iarrthóra de réir na dtreoracha ar líne.
- Cliceáil ar ‘IARRATAS A DHÉANAMH’ thíos.
- Logáil isteach i do chuntas iarrthóra.
- Léigh na treoracha faoi conas an fhoirm a líonadh isteach. Agus an fhoirm á líonadh isteach agat, lean na treoracha ar an scáileán.
An bhfuil deacrachtaí agat maidir le hinrochtaineacht? Leagann EPSO an-bhéim ar an inrochtaineacht agus bímid ar ár mbionda i gcónaí agus muid ag iarraidh feabhas a chur ar chúrsaí cumarsáide agus ar ár gcuid próiseas roghnúcháin. An bhfuil deacrachtaí agat fós teacht ar chodanna áirithe de shuíomh gréasáin EPSO agus/nó ar dhoiciméid? Téigh i dteagmháil linn! Is féidir linn formáidí inrochtana nó cúnamh a chur ar fáil duit. - Bainfidh sé tamall fada asat an fhoirm iarratais a líonadh isteach. Molaimid duit gan fanacht go dtí an nóiméad deiridh lena dhéanamh. Ní féidir le EPSO glacadh le hiarratais ó iarrthóirí nach mbailíochtaíonn a n-iarratas roimh an sprioc-am.
- Déan deimhin de go roghnaíonn tú an réimse/grád/teanga/próifíl cheart, nuair is infheidhme. Mura bhfuil tú cinnte cé acu réimse/grád/teanga/próifíl atá le roghnú, féach an fógra comórtais.
An nós imeachta roghnúcháin
- Tá roinnt céimeanna sa phróiseas roghnúcháin. Ach amháin sa chás go bhfuil dáta agus sprioc-am an phróisis roghnúcháin luaite, is ceart a mheas nach bhfuil san amchlár atá tugtha ach amchlár garbh.
- Is trí do chuntas iarrthóra a dhéanfaimid cumarsáid leat. Gheobhaidh tú sa chuntas sin gach eolas faoin dul chun cinn atá déanta agat sa phróiseas roghnúcháin, cuir i gcás na cuirí chun trialacha agus torthaí na dtrialacha.
- Iarrtar ort breathnú ar do chuntas iarrthóra dhá uair sa tseachtain ar a laghad le linn an phróisis roghnúcháin.
- Bíodh a fhios agat nach iondúil gur leor an pasmharc a ghnóthú sna trialacha.
I bhformhór na gcomórtas, ní éiríonn ach leis na hiarrthóirí is airde marcanna dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den phróiseas roghnúcháin. Féach an fógra comórtais chun na sonraí ar fad a fháil.
Type of tests for Dlítheangeolaithe (AD) – an Chúirt Bhreithiúnais
Tabhair do d’aire gur ar mhaithe le heolas atá an méid seo a leanas. Foilsíonn EPSO nuashonruithe go rialta.
Líon garbh atá sa líon iarrthóirí dá dtabharfar cuireadh chuig an gcéad chéim eile den chomórtas, mar atá foilsithe anseo.
Foilseofar dátaí táscacha le haghaidh na seisiún trialacha sa rannán tiomnaithe seo a luaithe a dheimhneofar iad.
Is trí thrialacha ar a ndéanfar feitheoireacht chianda a reáchtálfar an tástáil ar fad.
Tabhair do d’aire go bhféadfaidh sé nach ionann an t-ord ina riarfar na trialacha agus an t-ord ina bhfuil siad liostaithe san fhógra comórtais.
Is trí na litreacha agus trí na teachtaireachtaí i gcuntas na n-iarrthóirí, agus tríothu sin amháin, a chuirfear an t-eolas deimhnithe deiridh in iúl, pleanáil agus mionsonraí san áireamh.
Foilseofar an cuireadh chuig na trialacha i do chuntas coicís roimh dháta na trialach ar a dhéanaí.
Competition stage | Period/State | Start time | Number of candidates | Minimum score |
---|---|---|---|---|
Deadline to submit supporting documents | 07/10/2025 | |||
Tests - day 1 | 08/07/2025 | |||
Tests - day 2 | 17/09/2025 |