Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Tréimhsí oiliúna in Ardrúnaíocht na Comhairle

Gach bliain sa Chomhairle cuirtear thart ar 100 áit ar fáil mar thréimhsí oiliúna íoctha, agus suas le 6 áit d’oiliúnaithe íoctha faoi mhíchumas.

 

Cad leis is ceart a bheith ag súil ó do thréimhse oiliúna?

Le tréimhse oiliúna in Ardrúnaíocht na Comhairle (ARC), cuirtear an méid seo a leanas ar fáil:

  • taithí a fháil ar obair na hArdrúnaíochta
  • eolas a fháil ar an Aontas Eorpach agus léargas a fháil ar phróisis agus beartais institiúidí an Aontais
  • deis páirt a ghlacadh i ngnó laethúil na Comhairle
  • deis a bheith ag obair i dtimpeallacht ilchultúrtha, ilteangach agus il-eitneach
  • deis do dhearcadh úr agus an t-eolas a fuair tú le linn do chuid staidéir a chomhroinnt 

Tá trí chineál tréimhsí oiliúna ann sa Chomhairle:

Cad atá i gceist le tréimhse oiliúna?

De réir riachtanais na seirbhíse, bheadh do chuid oibre laethúla ar aon dul le hobair na n-oifigeach sóisearach riaracháin i dtús a ngairmréime, cuir i gcás:

  • cruinnithe a ullmhú agus miontuairiscí a dhréachtú
  • freastal ar chruinnithe chomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle agus Coreper (Coiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát chuig an Aontas)
  • taighde a dhéanamh ar thionscadal ar leith
  • doiciméid a aistriú
  • doiciméid a thiomsú, tuarascálacha a scríobh

Iarrtar ar na hoiliúnaithe freisin páirt a ghlacadh i gclár staidéir a bhfuil cuairteanna agus comhdhálacha in institiúidí eile de chuid an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil, i Lucsamburg agus in Strasbourg san áireamh.

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

  • saoránaigh den Aontas Eorpach 
  • saoránaigh ó thíortha is iarrthóirí a bhfuil caibidlíocht aontachais leis an Aontas curtha i gcrích acu
  • iarrthóirí a bhfuil eolas an-mhaith acu ar dhá theanga oifigiúla, ar a laghad, den Aontas. Ó tharla gurb iad an Béarla agus an Fhraincis na teangacha a úsáidtear go forleathan le haghaidh na cumarsáide inmheánaí in Ardrúnaíocht na Comhairle, tá eolas maith ar an mBéarla nó ar an bhFraincis ag teastáil (*Leibhéal C de réir an Chreata Chomhchoitinn Tagartha Eorpaigh le haghaidh Teangacha).

Is ó iarrthóirí a bhfuil cáilíochtaí acu sa dlí, san eolaíocht pholaitiúil, sa chaidreamh idirnáisiúnta, i léann an Aontais Eorpaigh agus san eacnamaíocht a thagann formhór na n-iarratas faoi láthair.

Tá oiliúnaithe a bhfuil cáilíochtaí i réimsí eile acu á lorg ag Ardrúnaíocht na Comhairle freisin, amhail: an t-aistriúchán, acmhainní daonna, an chumarsáid, léann an oideachais, na heolaíochtaí ríomhaireachta (ardáin chomhair), cartlanna agus bainistíocht doiciméad, an innealtóireacht shibhialta, an dearadh grafach, na hilmheáin, an talmhaíocht, an innealtóireacht bhithcheimiceach, an tsláinte agus an tsábháilteacht bia, an bhainistíocht fuinnimh, an comhshaol, an innealtóireacht aeraspáis.

Cé nach bhfuil in ann iarratas a dhéanamh?

Más amhlaidh atá aon chineál oiliúna (ar pá nó gan phá) déanta agat, nó fostaíocht ar feadh breis agus sé seachtaine faighte agat in institiúid, comhlacht, gníomhaireacht nó oifig de chuid an Aontais Eorpaigh, ní ghlacfar le d’iarratas.

Faigh tuilleadh eolais ag: https://www.consilium.europa.eu/en/trainee/