Moltaí praiticiúla
Chun cuidiú leat dul tríd an bpróiseas roghnúcháin, tá roinnt moltaí praiticiúla curtha le chéile againn bunaithe ar ár dtaithí féin agus ar aiseolas ó iarrthóirí cosúil leat féin.
Coinnigh do chuntas EPSO cothrom le dáta agus déan a chinntiú go mbíonn rochtain agat air i rith an ama.
Léigh an fógra comórtais/an glao ar léiriú spéise go cúramach sula ndéana tú iarratas.
Liostáil le leathanach an phróisis roghnúcháin ar a bhfuil tú ag déanamh iarratais chun an t-eolas is déanaí a fháil faoi na chéad chéimeanna eile.
Léigh an treoir eolas riachtanach faoi na trialacha ar líne.
Léigh ceisteanna coitianta EPSO mar a bhféadfaidh tú freagra a fháil ar do cheist. Mura bhfaighidh tú freagra ansin, déan teagmháil linn trí bhealaí cumarsáide oifigiúla EPSO agus tríothu sin amháin.
Lean na treoracha uile go cúramach ó EPSO agus óna sholáthróir trialacha. Cuir snas ar do chuid eolais cúpla lá roimh an seisiún trialacha.
Ullmhaigh don triail scríofa roimh ré – léigh an t-ábhar foilsithe agus déan athbhreithniú ar na táscairí a úsáidtear lena measúnú.
Cruinnigh leat do chuid doiciméad tacaíochta go luath roimh ré – ná fág go dtí an nóiméad deiridh é. Déan a chinntiú go dtuigeann tú cé na doiciméid is gá le haghaidh próisis roghnúchán na mball foirne ar conradh agus na n-oifigeach buan.
Déan aitheantas do cháilíochtaí a sheiceáil – má fuair tú cáilíocht/dioplóma lasmuigh den Aontas, déan a chinntiú go n-aithníonn an t-údarás náisiúnta ábhartha é go hoifigiúil.
Déan an tacaíocht náisiúnta a fhiosrú – féach leat an gcuireann do Bhallstát féin cuidiú speisialta ar fáil d’iarrthóirí atá ag ullmhú do thrialacha EPSO.