Cé na gráid éagsúla atá ann do Riarthóirí?
Question categories:
Scála idir grád AD 5 agus grád AD 16 a bhíonn i gceist i ngairmréim an riarthóra.
Is iondúil gur AD 5 an grád iontrála do chéimithe ollscoile. Den chuid is mó, ní bhíonn taithí ghairmiúil de dhíth.
Uaireanta, i gcás poist speisialaithe, earcaítear daoine ag grád AD 6 nó AD 7. Beidh roinnt blianta de thaithí ábhartha ag teastáil sna róil sin.
Gráid mheánbhainistíochta is ea na gráid AD 9 / AD 12. Ní féidir duine a roghnú/a earcú ag an ngrád sin mura bhfuil taithí bainistíochta aige cheana.