Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Cén fáth a bhfuil dhá chineál éagsúla de chuntas iarrthóra ann (Cuntas EPSO vs Tairseach Aonair na nIarrthóirí)?

Question categories:

Cuireadh Tairseach Aonair na nIarrthóirí in ionad na gCuntas EPSO le haghaidh na n-iarratas ar chomórtais oscailte. Leanfar de phróiseas roghnúcháin na mball foirne ar conradh (CAST) a bhainistiú trí chuntas EPSO go dtí go bhfógrófar a mhalairt.

  • I gcás comórtais a fhoilsítear tar éis an 01/01/2025, bain úsáid as Tairseach Aonair na nIarrthóirí.

    Is féidir le hiarrthóirí níos mó ná próifíl amháin a bheith acu ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí, ach tá dianchosc ar níos mó ná iarratas amháin a chur isteach ar an gcomórtas céanna (féach an fógra comórtais chun na sonraí uile a fháil).

  • I gcás comórtais a foilsíodh roimh an 31/12/2024 agus i gcás phróisis roghnúcháin na mball foirne ar conradh (CAST), baintear úsáid as cuntas EPSO.

    Ní cheadaítear ach aon chuntas EPSO amháin, agus d’fhéadfaí iarrthóirí a eisiamh ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin má tá níos mó ná cuntas EPSO amháin acu. Déan teagmháil linn má shíleann tú go bhfuil níos mó ná cuntas EPSO amháin agat.

Ní mór do shonraí pearsanta a choinneáil cothrom le dáta i gcónaí ar do chuntas ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí agus/nó ar do chuntas EPSO. Úsáideann EPSO na cuntais sin chun cumarsáid a dhéanamh leis na hiarrthóirí agus, dá bhrí sin, ba cheart duit féachaint ar do chuntais gach 3 lá féilire.