Cá bhfaighidh mé an fhoirm iarratais le haghaidh comórtas oscailte?
Question categories:
Ní mór duit iarratas a dhéanamh ar ár suíomh gréasáin. Cliceáil ar ‘Oibriú don Aontas Eorpach’ agus ansin ar ‘Iarratas a dhéanamh ar chomórtas do bhaill foirne bhuana’. Roghnaigh an próiseas roghnúcháin is spéis leat ón liosta agus léigh an t-eolas ar leathanach gréasáin an chomórtais go cúramach.
Cliceáil ar an gcnaipe gorm a bhfuil ‘Déan iarratas’ air agus atreorófar thú chun logáil isteach i do chuntas iarrthóra.
Mura bhfuil cuntas agat i dTairseach Aonair na nIarrthóirí go fóill, ní mór duit cuntas nua a chruthú ar dtús.
Lean na treoracha atá foilsithe anseo chun cuntas agus d’iarratas a chruthú ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí.
Ní chuirfear iarratais gan choinne san áireamh.