Bhí fadhb ann le cuid shonrach den triail scríofa nó den triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach, cad is féidir liom a dhéanamh?
Má tá amhras nach beag ort faoi aon ábhar i gceann de na trialacha (an triail scríofa nó an triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach), déan teagmháil linn tríd an bhfoirm theagmhála, agus tríd sin amháin, laistigh de 3 lá féilire tar éis an dáta a rinne tú na trialacha. Déan cur síos ar ábhar na ceiste nó ar an gcuid den triail atá i gceist ionas go bhféadfar an cheist nó an chuid ábhartha a aithint, agus mínigh chomh soiléir agus is féidir an earráid a shíleann tú atá ann. Luaigh d’uimhir iarratais freisin (féach an iarscríbhinn chomhfhreagrach den fhógra comórtais).
Más amhlaidh nach bhfuil an t-ábhar trialach a sainaithníodh ag teacht leis na dianchritéir cháilíochta atá ag EPSO, déanfar bearta ceartaitheacha.
Gheobhaidh tú freagra ar do ghearán faoin ábhar trialach go gairid sula bhfoilseofar torthaí na dtrialacha i gcuntas EPSO na n-iarrthóirí.