Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Incháilitheacht

An mbeidh iarratas uaim incháilithe?

An mian leat a fhios a bheith agat an bhfuil tú incháilithe le hiarratas a dhéanamh ar phost in institiúidí an Aontais Eorpaigh? Ar an leathanach seo tá na híoschritéir incháilitheachta chun iarratas a dhéanamh ar phost leis an Aontas Eorpach. Tá míniú tugtha thíos freisin againn ar na buncheanglais teanga le haghaidh iarratas a dhéanamh ar phost leis an Aontas Eorpach.

Le bheith incháilithe le hiarratas a dhéanamh ar chomórtas oscailte nó ar phróiseas roghnúcháin ní mór duit:

  • a bheith i do shaoránach de Bhallstát den Aontas
  • cearta saoránaigh den Aontas Eorpach a bheith agat
  • aon oibleagáidí i dtaca le seirbhís mhíleata atá ort de réir an dlí náisiúnta a bheith comhlíonta agat
  • sáreolas a bheith agat ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais (leibhéal C1) agus eolas sásúil ar cheann eile de na teangacha sin (leibhéal B2)
  • i gcás comórtais do theangeolaithe, ní mór máistreacht a bheith agat ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais (leibhéal C2) agus sáreolas ar dhá cheann eile de na teangacha sin (leibhéal C1)
     

Ceanglais teanga:

Teanga 1 - ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais
Do phríomhtheanga. Is éard is ciall le príomhtheanga do mháthairtheanga nó teanga eile a bhfuil sáreolas ar a laghad agat uirthi, is é sin leibhéal C1 de Leibhéil na dteangacha Eorpacha – greille féinmheasúnachta.
I gcás comórtais agus próisis roghnúcháin áirithe, ní mór máistreacht (leibhéal C2) a bheith agat ar an teanga sin.

An teanga a roghnóidh tú mar theanga 1, ní féidir í a roghnú mar theanga 2 freisin
Ní mór eolas sásúil ar a laghad (leibhéal B2) a bheith agat ar an teanga a roghnóidh tú mar theanga 2.
I gcás comórtais agus próisis roghnúcháin do theangeolaithe, ní mór sáreolas (leibhéal C1) a bheith agat ar an teanga sin.

Teangacha breise
I gcás comórtais, próisis roghnúcháin agus glaonna ar léiriú spéise áirithe, comórtais do theangeolaithe go háirithe, is féidir go n-iarrfar scileanna teanga.
Bíonn tuilleadh eolais faoi sin san fhógra comórtais nó sa ghlao ar léiriú spéise.
 

Ceanglais i leith cáilíochtaí agus taithí oibre:

Aon cheanglais shonracha atá leagtha amach san fhógra comórtais nó sa ghlao ar léiriú spéise maidir le cáilíochtaí agus taithí oibre, ní mór duit iad a chomhlíonadh freisin.
Féach na Ceisteanna Coitianta faoi thaithí oibre agus faoi na cineálacha éagsúla cáilíochtaí a nglactar leo.

Is ar an gcineál poist atá i gceist a bhraitheann na híoscheanglais oideachais a leagtar síos.

Go ginearálta:

  • I gcás gach poist nach do chéimithe iad (grúpa feidhme I, tacaíocht láimhe agus riaracháin; Leibhéal cúntóra/grúpa feidhme II – cúraimí cléireachais/riaracháin/bainistíochta oifige, grúpa feidhme III - cúraimí riaracháin/comhairleacha/ teanga/teicniúla) oideachas meánscoile ag teastáil ar a laghad
  • i gcás gach poist do chéimithe (leibhéal riarthóirí/grúpa feidhme IV), ní mór oideachas ollscoile (trí bliana ar a laghad) a bheith agat. 

D'fhéadfadh taithí oibre ábhartha a bheith ag teastáil i gcásanna áirithe.
 

Ceanglais aoise:

Níl aon teorainn aoise ann le cur isteach ar phost, ach ní mór do gach oifigeach dul ar scor ar 66 bliain d'aois a shlánú dó. Tá tuilleadh eolais ina thaobh seo i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh.