Sula gcuire tú do ghearán isteach:
- Líon isteach an fhoirm theagmhála ar líne go cúramach.
- Roghnaigh tagairt cheart do phróisis roghnúcháin.
- Sonraigh d’uimhir iarratais mar atá sí i do chuntas iarrthóra.
D’fhéadfadh sé nach ndéanfaí gearáin neamhiomlána nó mhíchearta a phróiseáil laistigh den ghnáth-sprioc-am, agus d’fhéadfadh sé go gcaillfeá do dheis leanúint ar aghaidh sa phróiseas roghnúcháin dá bharr sin.
I gcás comórtais a bhainistítear ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí, cuir isteach gach comhfhreagras tríd an tairseach agus tríthi sin amháin. Foghlaim conas cumarsáid a dhéanamh ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí.