Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Margadh fostaíochta bríomhar

Le blianta beaga anuas tá institiúidí an Aontais Eorpaigh agus go leor cuideachtaí idirnáisiúnta tar éis a gceanncheathrú a lonnú i Lucsamburg. 

Is ag Lucsamburg atá an dara OTI is airde ar domhan in aghaidh an duine i láthair na huaire agus is é an lárionad baincéireachta príobháidí is mó sa limistéar euro é, rud a fhágann go mealltar níos mó gairmithe oilte chuig an tír i rith an ama. Tá margadh fostaíochta na tíre ag méadú agus, dá bhrí sin, tá sé an-tarraingteach do chéilí státseirbhísigh an Aontais Eorpaigh atá ag cuardach deiseanna oibre.

Is é fás agus forbairt eacnamaíoch Lucsamburg is cúis leis an méadú atá tagtha ar an daonra ann le déanaí agus tá sochaí oscailte tagtha chun cinn dá réir, sochaí ina gcuirtear fáilte roimh chách. Meascann cultúir agus teangacha le chéile gan stró ann agus is féidir le teaghlaigh agus le daoine aonair araon cairde a dhéanamh go héasca.

Is náisiún ilteangach é arb iad an Béarla, an Fhraincis, an Ghearmáinis agus an Lucsambuirgis na ceithre theanga is mó a labhraítear. Ach is easaoránaigh iad beagnach leath an daonra, mar sin labhraítear Portaingéilis, Iodáilis, Spáinnis, Polainnis, Sualainnis, Fionlainnis, Rómáinis agus teangacha eile nach iad ó lá go lá chomh maith.