Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Marko Šamšalović, Ceann Earnála – Bainistiú Seirbhíse

“Chuaigh mé leis an gCoimisiún Eorpach in 2014 mar cheann foirne i roinn TF Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim (TAXUD). Sa ról sin bhí mé i gceannas ar fhoireann de cheathrar comhghleacaithe iontacha lenar bhainistigh mé seacht dtionscadal custaim thras-Eorpacha.

Thug sé an-sásamh dom go raibh na córais a d’fhorbraíomar á n-úsáid tríd an Aontas Eorpach ar fad agus ní b’fhaide i gcéin. Bhí mé an-sásta freisin páirt a ghlacadh in idirbheartaíochtaí éagsúla i ndáil le cúrsaí custaim a bhí ar siúl idir an tAontas agus tíortha nach Ballstáit den Aontas iad, an tSeirbia, Montainéagró, an tSín, an Rúis agus an tSeapáin ina measc.

Ó bhí 2019 ann, is mé atá i gceannas ar earnáil an bhainistithe seirbhíse in Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta (DIGIT). Is é mo chúramsa ceannaireacht a thabhairt d’fhoireann ina bhfuil níos mó ná 65 ghairmí a sholáthraíonn tacaíocht d’úsáideoirí chórais chorparáideacha an Choimisiúin Eorpaigh.

Taitníonn an obair le DIGIT go mór liom toisc go bhfuil comhghleacaithe gairmiúla den chéad scoth agam, agus bíonn siad réidh i gcónaí le cuidiú liomsa agus le daoine eile más gá. Tá siad chomh maith sin ag a gcuid oibre nach dtagann aon fhadhb aníos nach féidir leo a réiteach. Na cinn foirne san earnáil ina bhfuilimse, is bainisteoirí maithe iad agus is gairmithe TF iad a bhfuil an-taithí acu freisin, agus bíonn sé níos éasca domsa tascanna casta a chomhordú dá bharr sin.”

Ceann Earnála – Bainistiú Seirbhíse, Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta (DIGIT), Réitigh le haghaidh na Reachtaíochta, Beartas agus Acmhainní Daonna, an Coimisiún Eorpach