Skip to main content

Socruithe réasúnta

Is féidir le hiarrthóirí socruithe a iarraidh le linn próiseas roghnúcháin trína riachtanais shonracha a chur in iúl san fhoirm iarratais agus trí dhoiciméid tacaíochta a chur ar fáil ina ndéantar cur síos sainráite ar chineál a míchumais agus ina dtugtar údar cuí leis na socruithe atá á n-iarraidh, cuir i gcás:

  • teastais leighis
  • teastais mhíchumais (ní ghlactar leo ach amháin má tá teastas ag gabháil leo ina bhfuil cur síos soiléir ar chineál an mhíchumais)
  • tuarascálacha speisialaithe

Déanann foireann inrochtaineachta EPSO measúnú ar gach iarraidh ceann ar cheann, bunaithe ar an méid seo a leanas:

  • teorainneacha cumais an iarrthóra
  • an cineál trialach agus an modh tástála
  • na gníomhaíochtaí is gá le linn na trialach
  • doiciméadacht tacaíochta

Féadfar dul i gcomhairle le saineolaithe seachtracha nuair is gá, agus lánurraim á tabhairt do rúndacht sonraí. Láimhseáiltear na sonraí pearsanta agus leighis uile faoi rún i gcomhréir le rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le cosaint sonraí.

Tabhair do d’aire:

  • go ndeonaítear na socruithe ar bhonn cás ar chás
  • go bhféadfaidh socruithe deiridh a bheith éagsúil leis an iarratas tosaigh
  • nach mbíonn socruithe carnacha i gceist go huathoibríoch mar thoradh ar riochtaí iomadúla sláinte
  • ní ghlactar le teastas mar theastas leordhóthanach ach amháin má tá cur síos sainráite ann ar chineál do mhíchumais agus má thugann sé údar maith leis na socruithe réasúnta a iarradh

Féach freisin:

Tá samplaí sa liosta thíos de shocruithe agus d’fheidhmiúlachtaí trealaimh TF a d’fhéadfadh a bheith ann. Tá sé neamh-uileghabhálach agus neamhchonarthach. Déanfaidh EPSO gach iarracht na socruithe réasúnta is gá a chur ar fáil.

Is féidir ceisteanna a sheoladh chuig: EPSO-ACCESSIBILITY@ec.europa.eu ✉️