Am agus ionaid a sceidealú
Am breise
Cad é an rud é? Cuirtear síneadh céatadáin áirithe ama bhreise leis an am a leithdháiltear le haghaidh trialach (e.g. 25%, 33%, 50%, 75%, 100% nó 120%). Mar shampla, iarrthóir ar tugadh am breise 50% dó le haghaidh triail 10 nóiméad, beidh 15 nóiméad aige chun an triail a dhéanamh seachas 10 nóiméad.
Cén uair? Le linn na gcéimeanna tástála uile.
Cá háit? Ar líne agus in áiteanna a chinnfidh EPSO.
Cé atá i gceist? Soláthraí na dtrialacha agus EPSO.
Sosanna
Cad é an rud é? Féadfaidh iarrthóirí sosanna breise a fháil idir codanna na dtrialacha má tá údar cuí leis i ngeall ar an riocht ina bhfuil siad.
Cén uair? Le linn na gcéimeanna tástála uile.
Cá háit? Ar líne agus in áiteanna a chinnfidh EPSO.
Cé atá i gceist? Soláthraí na dtrialacha agus EPSO.
Athsceidealú
Cad é an rud é? Le linn toirchis nó sa tréimhse thart ar an am breithe, féadfaidh iarrthóirí dáta eile a iarraidh le haghaidh na trialach. I gcásanna sonracha ina bhfuil riochtaí sealadacha sláinte i gceist (e.g. tionóiscí tromchúiseacha, cóireálacha ailse, ospidéalú), breithneoidh EPSO freisin an bhfuil sé indéanta athsceidealú a dhéanamh.
Cén uair? Le linn na gcéimeanna tástála uile.
Cé atá i gceist?EPSO.