Gléasanna pearsanta
Feiste leighis atá ceangailte den chorp
Cad é an rud é? Spreagthóir corda dromlaigh. Cataitéar. Mála colastóime. Mála draenála múin. Umar ocsaigine. Caidéal insline. Aonaid TENS. Monatóir ráta croí. Monatóir leanúnach glúcóis.
Cén uair? Le linn na gcéimeanna tástála uile.
Cá háit? Ar líne agus in áiteanna a chinnfidh EPSO.
Cé atá i gceist? An t-iarrthóir (a ghléas féin).
Cógas leighis agus feistí leighis speisialta
Cad é an rud é?
- Bindealáin. Teanntáin – don mhuineál, don droim, do chaol na láimhe, don chos nó don rúitín.
- Braonta súl. Paistí súl. Spéaclaí (gan an cás). Lionsa láimhe formhéadúcháin (neamhleictreach, gan an cás).
- Bráisléad foláirimh leighis. Cásálacha / Coiléar taca. Guailleán don sciathán/don ghualainn.
- Cásálacha coise siúil.
- Piollaí (ní mór an clúdach a bheith bainte díobh agus ní féidir iad a bheith i mbuidéal/i gcoimeádán).
- Féadfaidh iarrthóirí piollaí atá fós sa phacáistíocht a thabhairt leo má tá sé sonraithe ar an bpacáistíocht NACH MÓR iad a choinneáil sa phacáistíocht, amhail piollaí nítriglicrín nach féidir a nochtadh don aer. Losainní casachta (ní mór an clúdach a bheith bainte díobh agus ní féidir iad a bheith i mbuidéal/i gcoimeádán).
- Maisc mháinliachta. Maisc leighis. Lámhainní leighis rubair. Pacaí oighir. Pillín téimh neamhleictreach. Monatóir glúcóis. Táibléid ghlúcóis. Epi-Pen. Análóir.
- Piliúr / Tacaíocht lumbach. Stól ardaithe géige.
Cén uair? Le linn na gcéimeanna tástála uile.
Cá háit? Ar líne agus in áiteanna a chinnfidh EPSO.
Cé atá i gceist? An t-iarrthóir (a chógas leighis agus a ghléas féin).
Gléasanna cumarsáide
Cad é an rud é? Áis éisteachta / ionphlandú cochla. Méadaitheoirí téad gutha.
Cén uair? Le linn na gcéimeanna tástála uile.
Cá háit? Ar líne agus in áiteanna a chinnfidh EPSO.
Cé atá i gceist? An t-iarrthóir (a ghléas féin).
Gléasanna soghluaisteachta
Cad é an rud é? Cána, maidí croise, cathaoir rothaí, siúladán, etc.
Cén uair? Le linn na gcéimeanna tástála uile.
Cá háit? Ar líne agus in áiteanna a chinnfidh EPSO.
Cé atá i gceist? An t-iarrthóir (a ghléas féin).