Trealamh speisialta
Luchóg optúil eirgeanamaíoch
Cad é an rud é? Cineál luchóige a spreagann an t-úsáideoir le caol na láimhe agus an sciathán a leagan ar dhóigh shláintiúil neodrach, mar a bheadh croitheadh láimhe i gceist, chun gluaiseacht níos réidhe a dhéanamh agus chun go mbeidh brú níos lú ann ar an iomlán.
Cén uair? Le linn na gcéimeanna tástála uile.
Cá háit? Ar líne agus in áiteanna a chinnfidh EPSO.
Cé atá i gceist? An t-iarrthóir (a threalamh féin).
Méarchlár VIG Keys (méarchlár do dhaoine a bhfuil lagú radhairc orthu agus a úsáideann teicneolaíocht chúnta)
Cad é an rud é? Méarchlár láidir caighdeánach a bhfuil litreacha agus íocóin shoiléire an-mhór ar na heochracha, rud atá oiriúnach do dhaoine a bhfuil lagú radhairc orthu.
Cén uair? Le linn na gcéimeanna tástála uile.
Cá háit? Ar líne agus in áiteanna a chinnfidh EPSO.
Cé atá i gceist? An t-iarrthóir (a threalamh féin).
Áireamhán mór do-ríomhchláraithe
Cad é an rud é? Áireamhán 20cm x 30cm nó thart air sin. D’fhéadfadh iarrthóirí a bhfuil lagú radhairc orthu é sin a iarraidh, mar shampla.
Cén uair? Le linn na gcéimeanna tástála uile lena bhfuil áireamh i gceist.
Cá háit? In áiteanna a chinnfidh EPSO.
Cé atá i gceist? EPSO.
Luchóg chiotógach
Cad é an rud é? Cineál luchóige lenar féidir le hiarrthóirí ar ciotóg iad triail a dhéanamh go compordach.
Cén uair? Le linn na gcéimeanna tástála uile.
Cá háit? Ar líne agus in áiteanna a chinnfidh EPSO.
Cé atá i gceist? An t-iarrthóir (a threalamh féin).
Luchóg rianliathróide
Cad é an rud é? Rianliathróid mhór a oibrítear le méar chun rialú níos fearr a dhéanamh, rud a laghdaíonn an bogadh atá le déanamh ag an lámh agus ag caol na láimhe ag an am céanna.
Cén uair? Le linn na gcéimeanna tástála uile.
Cá háit? Ar líne agus in áiteanna a chinnfidh EPSO.
Cé atá i gceist? An t-iarrthóir (a threalamh féin).
Luchóg ingearach
Cad é an rud é? Cineál luchóige ar a leagtar an lámh agus caol na láimhe go nádúrtha réidh go huathoibríoch.
Cén uair? Le linn na gcéimeanna tástála uile.
Cá háit? Ar líne agus in áiteanna a chinnfidh EPSO.
Cé atá i gceist? An t-iarrthóir (a threalamh féin).
Bia agus deoch
Cad é an rud é? Cead earraí pearsanta a thabhairt isteach sa timpeallacht tástála chun críoch leighis, cuir i gcás diaibéiteas.