Foireann bhuan
Is éard atá san fhoireann bhuan baill de státseirbhís an Aontais Eorpaigh a cheaptar ar feadh tréimhse gan téarma. Is iadsan an croílucht saothair.
Tá 3 chatagóir ann maidir le hoifigigh bhuana de chuid an Aontais: Riarthóirí (AD), Cúntóirí (AST), agus Rúnaithe/Cléirigh (AST/SC).
Riarthóirí
Oibríonn riarthóirí i réimse earnálacha, mar shampla an ceartas, an dlí, an t-airgeadas, an comhshaol agus an t-athrú aeráide, gnóthaí eachtracha, an talmhaíocht, an eacnamaíocht, teicneolaíocht na faisnéise, an chumarsáid, acmhainní daonna, an eolaíocht, an t-aistriúchán agus an ateangaireacht.
Ar na dualgais a bhíonn orthu tá forbairt beartais, anailís, cúraimí rialála, caibidlíocht idirnáisiúnta, plé le geallsealbhóirí, agus téacsanna dlíthiúla an Aontais a dhréachtú agus a sheiceáil.
Scála idir grád AD 5 agus grád AD 16 a bhíonn i gceist i ngairmréim an riarthóra, agus is é AD 5 an grád tosaigh le haghaidh céimithe ollscoile; Is leis na hArd-Stiúrthóirí amháin a bhaineann na gráid AD 15 agus AD 16.
D'fhéadfaí thú a roghnú agus a earcú ag gráid níos airde, AD 6 nó AD 7, i leith próifílí a bhfuil speisialtóireacht ag baint leo. Sa chás sin, beifear ag súil go mbeidh roinnt blianta d’oideachas ábhartha ag iarrthóirí agus beidh taithí oibre ag teastáil le haghaidh formhór na bpróifílí.
Tá na gráid AD 9 go dtí AD 12 ag teastáil le haghaidh na bpost meánbhainistíochta. Ní féidir duine a roghnú agus a earcú ag na gráid níos airde sin mura bhfuil taithí bainistíochta aige cheana.
Cúntóirí
Is gnách cúntóirí a fhostú i ról feidhmiúcháin nó teicniúil, agus soláthraíonn siad tacaíocht i réimsí éagsúla, mar shampla an t-airgeadas, an chumarsáid, an riarachán, an taighde, teicneolaíocht na faisnéise nó cur chun feidhme beartais, gan ach beagán a lua.
Scála idir grád AST 1 agus grád AST 11 a bhíonn i gceist le gairmréim an chúntóra, agus is ag na gráid AST 1 nó AST 3 a théann baill foirne i gceann oibre de ghnáth.
Rúnaithe/Cléirigh – Baill foirne tacaíochta
Is gnách go mbíonn rúnaithe agus cléirigh ag plé leis an mbainistíocht oifige agus ag soláthar tacaíocht riaracháin agus theicniúil. Ar na dualgais a bhíonn orthu, tá doiciméid agus comhaid a bhailchríochnú; tacú le gníomhaíochtaí an aonaid nó na roinne (cruinnithe, taisteal oifigiúil, an dialann); faisnéis a thiomsú agus a scaipeadh (bunachair sonraí agus comhaid a nuashonrú); cúraimí láimhe a dhéanamh.
Scála ó ghrád AST/SC 1 go grád AST/SC 6 a bhíonn ann do ghairmréim an rúnaí/an chléirigh. Is ag grád AST/SC 1 nó AST/SC 2 a théann baill foirne nua i gceann oibre de ghnáth.
Tá tuilleadh eolais le fáil sa tábla tuarastail seo (infheidhme ón 1 Eanáir 2024).
Féach leat tuilleadh eolais faoi na próisis roghnúcháin agus faoi na deiseanna fostaíochta atá ar fáil le haghaidh baill foirne bhuana.