Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Clár Gníomhaíochta Dearfaí na Comhairle d’oiliúnaithe faoi mhíchumas

Cuireann Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh suas le 6 thréimhse oiliúna íoctha in aghaidh na bliana ar fáil d’oiliúnaithe faoi mhíchumas.

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Is do shaoránaigh den Aontas ar céimithe iad nó ar mic léinn sa tríú, sa cheathrú nó sa chúigiú bliain de chúrsa ollscoile iad agus atá faoi mhíchumas aitheanta atá na tréimhsí oiliúna seo ar fáil.

Fad ama: 5 mhí

An tréimhse oiliúna le pá í? Is ea; €2,065.32 in aghaidh na míosa, aisíocaíocht liúntais taistil agus cárta lacáiste bialainne ó Ardrúnaíocht na Comhairle. Má chuireann oiliúnaí atá faoi mhíchumas údar cuí ar fáil, is féidir go bhfaighidh sé méid forlíontach dar luach suas le leath an deontais oiliúna.

Dátaí tosaigh:

  • An 16 Feabhra (tréimhse iarratais i dtrátha Lúnasa/Meán Fómhair – déan seiceáil an tráth sin chun na dátaí deiridh a fháil).
  • An 1 Meán Fómhair (tréimhse iarratais i dtrátha Feabhra/Márta – déan seiceáil an tráth sin chun na dátaí deiridh a fháil)

Suíomh: An Bhruiséil.

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, féach ar shuíomh gréasáin na Comhairle.

Léigh teistiméireachtaí ó oiliúnaithe a ghlac páirt sa chlár gníomhaíochta sin.