Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Scéim Gníomhaíochta Dearfaí Pharlaimint na hEorpa d’oiliúnaithe faoi mhíchumas

Tosaíocht de chuid Pharlaimint na hEorpa is ea daoine faoi mhíchumas a chuimsiú. Bíodh is go bhféadfaí daoine faoi mhíchumas a earcú faoin nós imeachta roghnúcháin ginearálta d’oiliúnaithe Schuman, tá deis níos mó acu anois páirt a ghlacadh tríd an Scéim Gníomhaíochta Dearfaí d’oiliúnaithe faoi mhíchumas. Daoine ar a bhfuil lagú fadtéarmach fisiciúil, meabhrach, intleachtúil nó céadfach 20% ar a laghad, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar an gclár seo. Iarrthóirí atá ar an ngearrliosta ón Scéim Gníomhaíochta Dearfaí agus a chomhlíonann na critéir incháilitheachta ghinearálta le haghaidh thréimhse oiliúna Schuman, féadfaidh siad tairiscint ar thréimhse oiliúna a fháil a luaithe a dhearbhóidh Seirbhís Liachta Pharlaimint na hEorpa go bhfuil siad faoi mhíchumas mar a thuairiscítear thuas. D’fhéadfadh sé go bhfaigheadh na hiarrthóirí ar éirigh leo íocaíocht bhreise suas le 50% de dheontas míosúil oiliúnaithe Schuman, mar chúiteamh ar na costais bhreise a thabhaítear.

Is féidir cóiríocht réasúnta a chur ar fáil d’oiliúnaithe faoi mhíchumas i ndáil le bunfheidhmeanna a bpoist. Déanfar bearta iomchuí nuair is gá chun a chur ar a chumas do dhuine faoi mhíchumas rochtain a bheith aige ar fhostaíocht, páirt a ghlacadh i bhfostaíocht nó dul chun cinn a dhéanamh i bhfostaíocht, nó dul faoi oiliúint.

Nuair a chuirfear tús leis an nós imeachta roghnúcháin, is féidir iarratas a dhéanamh tríd an tairseach seo a leanas: https://ep-stages.gestmax.eu/website/application-informations

Láithreacha: An Bhruiséil, Lucsamburg, Strasbourg nó Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa.