Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Conas is féidir liom socruithe sonracha a iarraidh le haghaidh na dtrialacha roghnúcháin?

Aon mhíchumas atá ort nó aon riocht sláinte ina bhfuil tú, níor cheart é sin a bheith ina chonstaic romhat le linn ceann dár bpróisis roghnúcháin.

Tá nós imeachta seanbhunaithe ag EPSO maidir le freastal réasúnta a dhéanamh ar iarrthóirí, bunaithe ar dhea-chleachtas idirnáisiúnta an réimse seo.

Fágann sin gur féidir bacainní agus constaicí, ar siocair dóibh míchumas nó riocht sláinte, a aithint, agus an deis a thabhairt d’iarrthóirí a bhfuil riachtanais shonracha acu a gcumas a léiriú ar comhchéim le hiarrthóirí eile.

 

An bhfuil socruithe sonracha de dhíth ort le haghaidh na dtrialacha roghnúcháin?

Féach ár bhfógrán céim ar chéim faoi conas socruithe sonracha a iarraidh sna trialacha roghnúcháin.

Ar an leathanach thíos, is féidir leat féachaint freisin ar ár bhfíseán faoi na socruithe sonracha atá ar fáil.

Tá tuilleadh eolais le fáil ach ríomhphost a chur chuig epso-accessibility@ec.europa.eu

Video file