
EOLAS TÁBHACHTACH:
Níor cheart duit úsáid a bhaint as aon logáil isteach tríú páirtí, cuir i gcás eID,
Facebook nó Google, chun do chuntas EU Login a chruthú, toisc go gcaillfidh tú rochtain sa deireadh
ar an gcuntas ina bhfuil d’iarrata(i)s, agus tá baol ann nach gcruthóidh tú cuntas bailí nó nach mbainfidh tú stádas iarrthóra amach
sa chomórtas seo (chun eolas mionsonraithe a fháil
féach Conas cuntas EU Login a chruthú).
An bhfuil tú ag obair faoi láthair d’institiúidí nó do chomhlachtaí an Aontais?
Má tá, tá EU Login corparáideach (inmheánach) agat cheana féin.
Tá dhá chás thábhachtacha ann le machnamh a dhéanamh orthu:
- Tá conradh buan agat mar oifigeach de chuid an Aontais Eorpaigh: sa chás sin, ní mór duit do EU Login corparáideach (inmheánach) reatha a úsáid le haghaidh d’iarratais trí Thairseach Aonair na nIarrthóirí.
- Tá conradh sealadach agat mar bhaill foirne de chuid an Aontais: sa chás sin, ní mór duit EU Login nua a chruthú, trí úsáid a bhaint as seoladh ríomhphoist príobháideach.
Ba cheart duit ríomhaire pearsanta a úsáid freisin, seachas sin, úsáidfidh do ríomhaire gairmiúil do EU Login corparáideach (inmheánach) mar réamhshocrú.
Chun treoracha a fháil maidir le conas fachtóirí fíordheimhniúcháin a shocrú do do chuntas seachtrach EU Login, léigh An féidir liom an guthán póca céanna a chlárú le haghaidh dhá chuntas EU Login éagsúla?
Ní ceart d’iarrthóirí a bhfuil conradh sealadach acu úsáid a bhaint as a gcuntas EU Login corparáideach toisc go bhféadfaidís rochtain a chailleadh ar a bpróifíl sa deireadh ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí.
Diúltaíonn EPSO aon fhreagracht as na hiarmhairtí a bhaineann le neamh-chomhlíonadh na dtreoracha sin.