FAQs
Cén fáth a mbaineann EPSO úsáid as trialacha réasúnaíochta ilrogha ar ríomhaire?
Is é príomhchuspóir thrialacha réasúnaíochta EPSO measúnú a dhéanamh ar na príomhinniúlachtaí réasúnaíochta is gá a bheith ag oifigigh de chuid an Aontais amach anseo, seachas an líon iarrthóirí a laghdú.
Is ar staidéir eolaíochta sheanbhunaithe atá na trialacha sin bunaithe agus tá luach ard tuarthach i gceist leo chun feidhmíocht na n-iarrthóirí sa phost amach anseo a thuar i gcomparáid le trialacha eolasbhunaithe amháin.
Cé nach dtugtar na ceisteanna céanna d’iarrthóirí sa chomórtas céanna, is ionann leibhéal deacrachta na dtrialacha a dhéanann gach iarrthóir, rud a chinntíonn go gcaitear go comhionann le gach duine.
Tá bailíocht agus iontaofacht na dtrialacha ilrogha ar ríomhaire dearbhaithe le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, agus dhearbhaigh an Chúirt freisin go gcomhlíonann na trialacha sin prionsabal na córa comhionainne.
Ag an am céanna, le trialacha ar ríomhaire is féidir le EPSO measúnú a dhéanamh ar líon mór iarrthóirí laistigh de thréimhse ama an-ghearr ar bhealach éifeachtúil so-úsáidte.