Skip to main content

FAQs

Conas is féidir liom mo shonraí pearsanta a athrú i mo chuntas iarrthóra?

I gcás comórtais oscailte (Tairseach Aonair na nIarrthóirí)

Más ball foirne de chuid an Aontais Eorpaigh thú agus má cruthaíodh do chuntas le EU Login corparáideach, déanfar do shonraí pearsanta a iompórtáil ó thaifid inmheánacha acmhainní daonna (Sysper) agus ní féidir iad a athrú ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí.

Más iarrthóir seachtrach thú agus má chruthaigh tú do chuntas trí úsáid a bhaint as do EU Login pearsanta, is féidir leat athruithe ar do shonraí pearsanta a iarraidh tríd an roghchlár ‘Déan teagmháil linn’ i do chuntas. Ní mór doiciméad oifigiúil lena dtugtar údar maith leis an athrú a bheith mar thaca le gach iarraidh.

D’fhéadfadh roinnt laethanta a bheith i gceist leis an bpróiseáil, mar sin iarraimid ort gan an iarraidh chéanna a chur isteach níos mó ná uair amháin. Ní gá duit fanacht go ndéanfar na hathruithe a bhailíochtú; is féidir leat leanúint ar aghaidh le d’iarratas/do thriail a chur in áirithe.

 

I gcás próisis roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh (cuntas EPSO)
Cliceáil ar ‘Sonraí pearsanta’ i do chuntas EPSO agus lean na treoracha chun do chuid sonraí pearsanta a chur in eagar.

Chun do shloinne, do shloinne breithe, do chéadainm, do dháta breithe, nó do shaoránacht a athrú, ní mór duit iarratas a sheoladh in éineacht le cóip de dhoiciméad tacaíochta oifigiúil (e.g. pas, cárta aitheantais, doiciméad dlíthiúil) chuig EPSO-PERS-DATA@ec.europa.eu.

A luaithe a dhéanfar d’iarraidh a fhaomh, beidh na sonraí nuashonraithe le feiceáil i do chuntas EPSO.

Tabhair do d’aire gur féidir iarratais a dhiúltú mura gcuirtear aon doiciméad tacaíochta ar fáil ina leith laistigh de chúig lá.

D’fhéadfadh roinnt laethanta a bheith i gceist leis an bpróiseáil, mar sin iarraimid ort gan an iarraidh chéanna a chur isteach níos mó ná uair amháin. Ní gá duit fanacht go ndéanfar na hathruithe a bhailíochtú; is féidir leat leanúint ar aghaidh le d’iarratas/do thriail a chur in áirithe.

Tabhair do d’aire go gcuirfear do shonraí pearsanta nua bailíochtaithe san áireamh le haghaidh d’iarratais bhailíochtaithe.