Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

An féidir libh a dhearbhú go nglacfar le mo dhioplóma agus/nó mo thaithí oibre?

Question categories:

Is faoin mbord roghnúcháin a ceapadh don chomórtas atá sé na riachtanais incháilitheachta a léirmhíniú agus meastóireacht a dhéanamh orthu, agus glacadh leis an eolas a chuireann tú isteach nó diúltú dó. Foilseofar torthaí na meastóireachta sin i do chuntas EPSO in éineacht le torthaí na dtrialacha.

San fhógra comórtais gheobhaidh tú eolas faoi na critéir incháilitheachta (eolais maidir le cáilíocht agus taithí oibre san áireamh). Is faoi shaincheart an bhoird roghnúcháin amháin atá sé, agus ní faoi shaincheart EPSO, aon léirmhíniú a dhéanamh ar an eolas a chuireann tú isteach.

Molaimid duit an fógra comórtais a léamh go cúramach agus eolas beacht uileghabhálach a thabhairt i d’iarratas maidir le do cháilíocht agus do thaithí oibre.

I gcomhréir leis na ceanglais san fhógra comórtais, ní mór duit doiciméid tacaíochta a uaslódáil chuig do chuntas EPSO freisin agus na doiciméid sin a nascadh leis na hiontrálacha ábhartha i d’fhoirm iarratais. Déan seiceáil freisin ar an eolas ábhartha atá againn maidir leis na doiciméid tacaíochta.