Cad é an triail scríofa?
Faoin téarma ‘Triail scríofa’, tá trí chineál éagsúla trialacha ann a mbainfidh EPSO úsáid astu de réir na riachtanas a chuirfidh na seirbhísí earcaíochta in iúl i gcomhréir leis an bhfógra comórtais lena mbaineann:
- Triail scríofa (WT) a bhaineann le réimse/réimsí an chomórtais, lena ndéantar measúnú ar scileanna cumarsáide scríofa agus na scileanna sin amháin.
- Triail scríofa réimse-shonrach (FRWT) lena ndéantar measúnú ar scileanna cumarsáide scríofa agus ar eolas an iarrthóra i réimse ábhartha an chomórtais.
- Aiste shaorthéacs ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh (EUFTE) lena ndéantar measúnú ar scileanna cumarsáide scríofa agus na scileanna sin amháin.
Beidh ar na hiarrthóirí freagra a thabhairt ar thasc/tascanna na trialach bunaithe ar na doiciméid a chuireann EPSO ar fáil agus a bhaineann le réimse/réimsí an chomórtais.
Ní triail teanga atá sa triail scríofa. Déanfar measúnú ar iarrthóirí ar bhonn na n-ancairí sonracha atá liostaithe thíos (is éard is ‘ancairí’ ann na gnéithe a chuireann na marcálaithe trialacha, i.e. na measúnóirí, san áireamh agus measúnú á dhéanamh acu ar inniúlacht ar leith).
‘Ancairí’ le haghaidh scileanna cumarsáide scríofa:
Déanann an t-iarrthóir an méid seo a leanas:
- déanann sé an chumarsáid scríofa a struchtúrú le sreabhadh loighciúil smaointe.
- scríobhann sé go hachomair gan focail agus abairtí a úsáid nach bhfuil gá leo.
- cuireann sé ábhar i láthair ar bhealach intuigthe.
- déanann sé a chuid scríbhneoireachta a oiriúnú dóibh siúd ar a bhfuil sé ag díriú agus don chuspóir atá beartaithe.
- úsáideann sé an t-eolas a chuirtear ar fáil chun déileáil leis an tasc.