Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht

Earcaíonn institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais iad nuair a bhíonn gá acu le baill foirne ag a bhfuil na sainscileanna is féidir le saineolaithe náisiúnta ar iasacht a chur ar fáil: saineolas teicniúil, slándála, dlíthiúil agus airgeadais, i measc go leor eile.  

Is minic a fhógraítear poist mar shaineolaí náisiúnta ar iasacht ar leathanach na ndeiseanna fostaíochta atá ag EPSO. Na sonraí uile a bhaineann leis an bpróiseas roghnúcháin, le coinníollacha na hiasachta, le critéir incháilitheachta agus le cineál na gcúraimí, is féidir iad a fháil san fhógra folúntais lena mbaineann. 

Is iad institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais a bhíonn i gceannas ar a n-iarratas agus ar a bpróisis earcaíochta féin. 

Téigh i dteagmháil le buanionadaíocht do thíre chuig an Aontas Eorpach chun eolas a fháil maidir leis na deiseanna atá ann faoi láthair.