Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Oiliúnaithe

a group of young happy people

Tugann cláir oiliúna an Aontais deis do chéimithe nua cur lena scileanna gairmiúla, a líonra teagmhálaithe a mhéadú agus breis eolais a fháil ar an Aontas.

Tugann tréimhsí oiliúna (nó intéirneachtaí) léargas iontach ar obair státseirbhís an Aontais agus bíonn siad ar fáil i gcuid mhór réimsí éagsúla: an dlí, na hacmhainní daonna, an comhshaol, an chumarsáid, an t-airgeadas, an chosaint sonraí, an taighde eolaíoch, na beartais eachtracha, an mhaoin intleachtúil, gan ach beagán a lua. 

Tréimhsí oiliúna a mhaireann cúig mhí de ghnáth, sin a eagraíonn Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún Eorpach, an Chomhairle Eorpach, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus gníomhaireachtaí an Aontais. 

Is gá d’iarrthóirí céim ollscoile a bheith acu chun cur isteach ar thréimhse oiliúna. Nuair a bheidh na hoiliúnaithe earcaithe déanfaidh siad cúraimí atá cosúil leo sin a dhéanann riarthóirí ar ghrád níos ísle.

Is tréimhsí íoctha iad formhór na dtréimhsí oiliúna, agus is iondúil gur thart ar €1,300 sa mhí an méid a bhíonn i gceist.

Féach freisin roinnt de na tréimhsí oiliúna atá ar fáil agus clár na nAmbasadóirí EU Careers atá dírithe ar mhic léinn a mbeadh spéis acu gairmeacha an Aontais a chur chun cinn ar a gcampais ollscoile.