Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

An bhfuil an mianach ceart ionat?

Chun iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas Iniúchóireachta (AD 7), ní mór duit na riachtanais seo a leanas a chomhlíonadh:

  • A bheith i do náisiúnach den Aontas Eorpach agus cearta iomlána mar shaoránach den Aontas a bheith agat.
     
  • Eolas cuimsitheach a bheith agat ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais (leibhéal C1) agus eolas sásúil a bheith agat ar cheann eile de theangacha oifigiúla an Aontais (leibhéal B2). 
     
  • Ní mór cúrsa ollscoile a bheith críochnaithe agat
     
  • Ní mór duit taithí oibre ábhartha idir 5 bliana agus 7 mbliana ar a laghad a bheith agat, arb i réimse na hiniúchóireachta a fuarthas 4 bliana ar a laghad den taithí sin, mar a leanas: 
    • Cúrsa ollscoile 3 bliana ar a laghad, ar baineadh dioplóma amach dá bharr, agus taithí oibre ábhartha 7 mbliana ar a laghad a fuarthas ina dhiaidh sin, arb i réimse na hiniúchóireachta a fuarthas 4 bliana ar a laghad den taithí sin;

      sin nó

    • Cúrsa ollscoile 4 bliana ar a laghad, ar baineadh dioplóma amach dá bharr, agus taithí oibre ábhartha 6 bliana ar a laghad a fuarthas ina dhiaidh sin, arb i réimse na hiniúchóireachta a fuarthas 4 bliana ar a laghad den taithí sin;

      sin nó

    • Cúrsa ollscoile 5 bliana ar a laghad, ar baineadh dioplóma amach dá bharr, agus taithí oibre ábhartha 5 bliana ar a laghad a fuarthas ina dhiaidh sin, arb i réimse na hiniúchóireachta a fuarthas 4 bliana ar a laghad den taithí sin.