Draíocht an dúlra lasmuigh den oifig
Tagann an chathair agus an dúlra le chéile go réidh i Lucsamburg, agus síneann an tírdhreach ón spás uirbeach agus foirgnimh stairiúla go lochanna, cnoic agus coillte.
Tá ábhar spraoi i dtírdhreach suaimhneach ilghnéitheach na tíre do dhaoine aonair agus do theaghlaigh araon agus is bealach foirfe é chun sos a thógáil ó bhrú an tsaoil laethúil.
Bíodh sé de shiúl na gcos, ar dhá roth nó ar cheithre cinn, bíonn flúirse nithe iontacha le feiceáil agus tú ag cur eolas ar Lucsamburg: ó lár ársa Chathair Lucsamburg, atá ina Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO, go caisleáin atá suite ar mhullaí cnoic, ardchláir ghlasa, gleannta, aibhneacha agus an chéad tearmann dúlra trasteorann san Eoraip.
Meas ar an gcomhshaol, tá sin an-tábhachtach i Lucsamburg agus tá sé éasca an meas sin a léiriú le linn duit a bheith ag baint sult as an dúlra anseo. Tá líonra mór conairí siúlóireachta ann, sin agus 600 ciliméadar de raonta rothar, rud a fhágann gur féidir taisteal trasna na tíre ar bhealach sábháilte éiceabhách.
Tá rogha iontach ann freisin dóibh siúd a bhfuil dúil acu i ngníomhaíochtaí uisce, an chanúáil, cuir i gcás, agus an chadhcáil, an sciáil uisce, an snámh, an tseaschéaslóireacht, an iascaireacht agus rudaí eile nach iad.