Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Tréimhsí oiliúna le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa (FPEnna)

Chomh maith le tréimhsí oiliúna a thairiscint san Ardrúnaíocht (tréimhsí ar a dtugtar cúrsaí oiliúna Schuman), bíonn tréimhsí oiliúna le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa (FPEnna) á dtairiscint ag an bParlaimint freisin.

Féadfaidh FPEnna tréimhsí oiliúna íoctha a thairiscint ag a n-oifigí in áitreabh Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil (nó in Strasbourg), bunaithe ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa.

Maireann an tréimhse oiliúna idir sé seachtaine agus cúig mhí as a chéile, agus is é an Feisire den Pharlaimint a bhronnann an tréimhse oiliúna a chinneann é. Is féidir leis tosú tráth ar bith den bhliain.

Bronntar deontas míosúil idir €858 agus €1407 ar na hoiliúnaithe le haghaidh tréimhse oiliúna lánaimseartha.

 

An fáth ar chóir duit iarratas a dhéanamh

Leis an tréimhse oiliúna, beidh tú in ann tuiscint níos fearr a fháil ar mhodhanna oibre Fheisirí Pharlaimint na hEorpa.

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Iarrthóirí a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

  • a bheith 18 mbliana d’aois nó os a chionn (is féidir maoluithe ón teorainn aoise sin a dheonú mar fhreagra ar iarraidh chuí-réasúnaithe);
  • a bheith ina náisiúnach de Bhallstát den Aontas Eorpach nó de thír aontachais/is iarrthóir. Mar sin féin, féadfaidh Feisirí tréimhse oiliúna a thairiscint do náisiúnaigh tríú tíortha, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais víosa;
  • má tá teastas acu a dheimhníonn go bhfuil an mheánscoil críochnaithe acu, ar teastas é a fhreagraíonn don leibhéal is gá chun dul isteach san ollscoil, nó má tá ardchúrsa staidéir nó cúrsa teicniúil staidéir déanta acu ar leibhéal coibhéiseach, nó má tá dioplóma ollscoile bainte amach acu;
  • má tá sáreolas acu ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh;
  • mura mbíonn siad ina bpáirtithe i gconradh fostaíochta ná in aon chaidreamh conarthach oibre le linn a dtréimhse oiliúna;
  • mura bhfuil tréimhse oiliúna déanta acu roimhe le Feisire, nó murar oibrigh siad roimhe mar chúntóir parlaiminteach le Feisire, bíodh sé mar chúntóir áitiúil nó mar chúntóir creidiúnaithe.

Conas iarratas a dhéanamh

Chun iarratas a chur isteach, is gá dul i dteagmháil go díreach leis na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa lena mbaineann.

 

Féach an bróisiúr: Tréimhsí oiliúna agus cuairt staidéir le FPEnna  

Faigh tuilleadh eolais ag: https://www.europarl.europa.eu/at-your-service/ga/work-with-us/traineeships