Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Tréimhsí Oiliúna - Cúirt Iniúchóirí na hEorpa

Áit(eanna): 
Lucsamburg (Lucsamburg)

Institiúid/Gníomhaireacht

Reáchtálann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa dhá thréimhse oiliúna in aghaidh na bliana i réimsí a bhaineann lena cuid oibre.

Cé a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh? Náisiúnaigh den Aontas Eorpach a bhfuil dioplóma ollscoile aitheanta acu nó a bhfuil ar a laghad ceithre sheimeastar de staidéar ollscoile curtha i gcrích acu i réimse a mbíonn an Chúirt ag plé leis (iniúchóireacht, buiséad, cuntasaíocht, riarachán, acmhainní daonna, aistriúchán, cumarsáid, caidreamh idirnáisiúnta, dlí).

Fad tréimhse: idir 3 agus 6 mhí.

An tréimhse oiliúna le pá í?  Is ea; €1,600 in aghaidh na míosa.

Dátaí tosaigh: 1 Aibreán agus 1 Deireadh Fómhair, gach bliain.