Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Nikos Z., Iniúchóir

“Chuaigh mé isteach i gCúirt Iniúchóirí na hEorpa in 2006. Mar iniúchóir, oibrím ar an mbeartas comhtháthaithe agus ar an tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht, rud lena gcuirtear measúnú foriomlán ar bhreisluach chláir an Aontais ar fáil.

Ar na dualgais atá orm tá iniúchtaí a phleanáil, measúnú a dhéanamh ar fhianaise, athbhreithniú a dhéanamh ar raon leathan doiciméad, tuarascálacha a dhréachtú agus cuairteanna ar an láthair a thabhairt ar údaráis agus ar thairbhithe sna Ballstáit. Is é an Béarla an phríomhtheanga oibre a úsáidimid ach bíonn roinnt teangacha eile á labhairt againn freisin. Ní mór scileanna maithe cumarsáide agus eagrúcháin a bheith agat chun an obair sin a dhéanamh.

Tá cúlra san innealtóireacht agam, agus rinne mé staidéar ar an Riarachán Poiblí ina dhiaidh sin. Cáilíodh i m’iniúchóir inmheánach deimhnithe mé in Institiúid na nIniúchóirí Inmheánacha, agus ansin chríochnaigh mé Máistreacht san Eolaíocht sa Bhainistíocht Iniúchóireachta agus sa Chomhairleacht. Sula ndeachaigh mé isteach i gCúirt Iniúchóirí na hEorpa, bhí mé ag obair mar bhainisteoir tionscadail agus mar iniúchóir inmheánach in eagraíochtaí tionsclaíocha.”

Iniúchóir, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa