
Meritxell D. (Parlaimint na hEorpa)

‘Aistriú go Lucsamburg, sin í an rogha ab fhearr liomsa. Bhreathnaigh mé air mar áit iontach chun an chéad chéim eile i mo ghairm a thógáil, áit a mbeinn in ann leanúint ar aghaidh ag foghlaim agus ag feabhsú go gairmiúil. Ó tharla go bhfuil mo chroí istigh sa chumarsáid agus sna teangacha, oireann an post atá agam mar oifigeach caidrimh phoiblí do sheirbhís aistriúcháin Pharlaimint na hEorpa go hiontach dom, go háirithe ós rud é go bhfuil an post lonnaithe i gcathair a aithnítear ar fud an domhain mar gheall ar a sármhaitheas san ilteangachas. I gcás gairmithe teanga, is é Lucsamburg príomhchathair na hEorpa i dtaca leis na deiseanna fostaíochta suimiúla is féidir le duine a fháil in institiúidí an Aontais Eorpaigh.
Na buntáistí a bhaineann le príomhchathair agus na buntáistí a bhaineann le baile beag, tá an dá chineál le fáil i Lucsamburg. Tá sé an-ghlas, oiriúnach do theaghlaigh agus ilchultúrtha. Is áit chiúin shábháilte í ar féidir le duine réimse leathan spórt a chleachtadh, taitneamh a bhaint as an gceol agus as na healaíona, agus leas a bhaint as a ghaire atá sé do thíortha eile. Is féidir leis na daoine a chónaíonn anseo rogha a dhéanamh idir an leagan mall nó an leagan tapa de shaol na cathrach.
Níl mé anseo ach le roinnt míonna, ach is leor sin chun a fháil amach go dtéann Lucsamburg i gcion ort de réir a chéile.’