
Kurt S. (An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde)

‘Is ag Geata Halle, séadchomhartha a shamhlófá le síscéal, a fuair mé féin agus mo theaghlach ár gcéad spléachadh ar an mBruiséil. Tá an Geata breis agus 600 bliain d’aois agus go deimhin tá sé ar an sampla is iontaí de stair mheánaoiseach na Cathrach. Dá mbeadh fonn aclaíochta ort d’fhéadfá na 169 gcéim a dhreapadh chun taitneamh a bhaint as an radharc lánléargais is áille ar an mBruiséil. Ionad eile a bhfuil an-dúil againn ann ná Halla Henry Le Bœuf, áit a bhfuil ardchaighdeán fuaime agus gnéithe físiúla a thagann le chéile go hálainn. An raibh a fhios agat gurbh é Victor Horta a dhear an Halla ar fad agus gur osclaíodh go hoifigiúil é i mí Dheireadh Fómhair 1929? Ó shin i leith tá eispéireas uathúil le fáil ann, a bhuí sin leis na suíocháin veilbhite scarlóideacha, an t-urlár iontlaise agus na colúnraí loma bána a thagann le chéile go gleoite, agus ar ndóigh an t-ardchaighdeán fuaime a bhfuil an-mheas air i measc laochra ceoil ar fud an domhain.’