Skip to main content

An Ceann um Fhorbairt agus Reáchtáil Trialacha: Angela Heberling

picture of Angela

Chuaigh Angela isteach sna hInstitiúidí Eorpacha i mí Iúil 1993 i Roinn an Chomhshaoil sa Choimisiún Eorpach. 

Tar éis dhá bhliain, bhog sí ar aghaidh chuig saincheisteanna a bhain níos mó le hAcmhainní Daonna agus chuir sí tús lena gairmréim i Seirbhís Earcaíochta an Choimisiúin Eorpaigh, rud a comhtháthaíodh ina dhiaidh sin san Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) atá ann inniu. 

Bhí róil éagsúla aici laistigh de EPSO, ina measc sin:

  • comhalta den Tascfhórsa a bhí freagrach as Clár Forbartha EPSO (EDP) a chur i bhfeidhm,
  • Ceann Oifig na Bainistíochta Roghnúcháin a raibh sé de chúram uirthi monatóireacht a dhéanamh ar na comórtais agus na próisis roghnúcháin go léir,
  • Ceann an Aonaid um Ríomhroghnú agus Forbairt Trialacha,
  • Ceann an Aonaid um Pleanáil agus Comhordú...

...agus an post atá aici faoi láthair mar Cheann an Aonaid um Fhorbairt agus Reáchtáil Trialacha. 

Ó mhí na Samhna 2020 i leith, tá sí ina Leas-Stiúrthóir.

Tá Angela pósta agus beirt chlainne aici.