
Elisa R. (An Coimisiún Eorpach)

‘Rud a thaitníonn liom faoin mBruiséil ná a éasca atá sé dul timpeall na cathrach. Is fadhb é an trácht go fóill, ach níl sé chomh holc i gcomparáid le cathracha móra eile san Eoraip. Tá an t-iompar poiblí go hiontach agus tá níos mó agus níos mó lánaí rothaíochta á gcur i bhfeidhm sa chathair, rud a fhágann go bhfuil sé éasca do dhaoine taisteal chun na hoibre laistigh den chathair ach ó lasmuigh den chathair freisin. Is áit iontach í le maireachtáil mar gheall ar éagsúlacht na n-áiteanna, ó na ceantair lárnacha fhaiseanta go dtí na comharsanachtaí cónaithe atá níos oiriúnaí do theaghlaigh agus go háirithe inacmhainneacht na tithíochta (i gcomparáid le formhór na gcathracha san Eoraip). Ar deireadh, sna míonna is teo is breá le mo mhuintir am a chaitheamh sa réimse leathan de ‘domaines provinciaux’ atá le fáil mórthimpeall na Bruiséile, ina bhfuil go leor gníomhaíochtaí do leanaí agus inar féidir dul ag snámh sna lochanna.’