Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Dorthe C. (An Coimisiún Eorpach)

‘Ceann de na háiteanna is fearr liom sa Bhruiséil is ea Flagey. Chomh maith leis an gcearnóg bhríomhar in Flagey, lena margadh seascair agus caiféanna gnóthacha, tá áras cultúir iontach ann ina bhfuil halla ceolchoirme, agus tá atmaisféar áitiúil agus an-chairdiúil ann, ach cuirtear ceolchoirmeacha dochreidte ar siúl ann le ceoltóirí a bhfuil clú domhanda orthu.  Nuair is mian liom éalú ó na sluaite móra, is áit den scoth í Bois de la Cambre, go háirithe go luath ar maidin (mar um thráthnóna nó san oíche ag an deireadh seachtaine bíonn an pháirc lán le daoine ar breá leo an ghrian agus an chraic!). I dtaca le músaeim de, caithfear cuairt a thabhairt ar Mhúsaem na nEolaíochtaí Nádúrtha a bhfuil cnámharlaigh dineasár ann ar thángthas orthu sa Bheilg agus is cinnte go mbainfidh páistí sult mór as. Sa samhradh, is áit fhíorálainn ar imeall na Bruiséile é Gairdín Rósanna Coloma in Sint-Pieters-Leeuw, a bhfuil boladh cumhra ann, agus bainim an-taitneamh as suaimhneas na páirce móire thart timpeall ar an gcaisleán beag álainn.’